Deirtear go mbíonn adharca fada ar na ba thar lear ach sa chás seo níl ann ach ceann amháin!
De ghnáth bíonn dhá adharc ag caoirigh san Íoslainn ach tá reithe amháin ar fheirm Erla Þórey Ólafsdóttir atá píosa beag éagsúil.
Tá an dá adharc greamaithe le chéile beagnach go dtí an barr ar fad ag Einhyrningur, a chiallaíonn ‘Aonbheannach’ agus sin díreach an chuma atá air.
Bhí mearbhall ar fheirmeoirí eile nuair a chonaic siad an t-ainmhí saoithiúil amuigh ar an sliabh thar an geimhreadh agus deirtear anois go bhfuil suim ag Zú Réicivíc é a thabhairt isteach.
“Síneann na hadharca a aghaidh amach, go háirithe thart ar na súile, mar sin bíonn an chuma air i gcónaí go bhfuil iontas air,” arsa Ólafsdóttir don Iceland Monitor.
Níl sé ina aonar ansin is cinnte!