Mar a luaigh mé cheanna ar an suíomh seo, chaith mé an samhradh i Meiriceá; rud atá dhá dhéanamh agam ó bhí mé cúig bliana déag d’aois.
Dá bhrí sin ní bhíonn mé thart nuair a bhíonn formhór na gcluichí CLG á n-imirt. Go hiondúil faoin am a fhilleann mé ar Chríoch Fodhla ní bhíonn fanta le n-imirt ach na cluichí leathcheannais agus na cluichí ceannais (má bhíonn an méid sin féin le n-imirt fiú).
Mar sin tá maith éicint le baint as an gcaoi ar cuireadh na cluichí uilig ar athló i mbliana. Ó tharla gur dearnadh an méid sin bhí mise in ann dul anonn go Meiriceá agus mo chúpla pingin a shaothrú agus ansin a theacht abhaile agus séasúr iomlán de chluichí idir-chontae CLG ag fanacht liom nuair a tháinig mé ar ais — i ndiaidh an choraintín a chur isteach.
Faraor géar ní raibh tús maith ag peileadóirí na dTreabh. Náiríodh muid ar pháirc Thuama nuair a thug muid aghaidh ar ár gcomharsana aníos as Maigh Eo.
Th’éis seachtain mhachnaimh agus drochíde béil ó Phádraic Seoighe, thug buachaillí na Gaillimhe dúshlán Bhleá Cliath ach, mo léan géar, ní raibh a n-iarracht sách maith sa deireadh.
Mar thoradh ar chosaint lag ó thús an chluiche fuair buachaillí na hardchathrach dhá chúl sa dara leath a d’fhág Gaillimh ar an ngannchuid.
Tá súil agam go mbeidh na hiománaithe níos fearr ach is ag titim atá an caighdeán sa bhfoireann sin ón gcraobh a bhuaigh siad cúpla bliain ó shin. Drochthréimhse le bheith i do Ghaillmheach atá ann ach le cúnamh Dé tiocfaidh athrú ar rudaí an chéad bhliain eile (mar a deir muid chuile bhliain).
Maidir leis an rugbaí ar a laghad tá dea-scéala ann. Thosaigh an dara leath de chomórtas na Sé Náisiún ar an Satharn. I ndiaidh an drochthúis a bhí againn sa gcomórtas seo i mí Feabhra, bhí seacht mí ag foireann na hÉireann iarracht a dhéanamh cruth éicint a chur ar a gcuid imeartha agus toradh maith a thabhairt do Andy Farrell ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar na hÉireannaigh.
Tuigim nach iad na hIodálaithe baileach an fhoireann is láidre sa gcomórtas ach thug siadsan taispeántas sách maith freisin. Bhí brí éicint i bhfoireann na hÉireann nach bhfuil feicthe agamsa le tamall agus shílfeá go raibh athbheochan de chineál éicint tarlaithe i rith an tsamhraidh.
Théis dóibh socrú síos, agus cé nach raibh na greamaithe thar mholadh beirte, bhí na hÉireannaigh, idir imreoirí nua agus “seanleaids”, ag ionsaí, ag pasáil agus ag ciceáil mar ba cheart d’fhoireann idirnáisiúnta.
Tá meas nua agam don fhoireann seo a bhí caillte agam th’éis Chorn an Domhain. Bhí bainisteoir nua ag teastáil ó Éirinn a bhí sásta stíl imeartha úr a chur sa bhfoireann.
Bhí muid bailithe stálaithe faoi stiúir Joe Schmidt mar nár athraigh sé an plean ó thosaigh sé leis an bhfoireann. Níl orainn anois ach an Fhrainc a bhualadh (is fusa é sin a rá ná é a dhéanamh).
Ach ar a laghad tá spórt ar ais, cé nach bhfuil mé féin in ann a bheith ag imirt, agus beidh rud éicint agam le breathnú air, seachas a bheith ag déanamh obair baile, nach n-aireoidh mé ciontach faoi.