Domhan dorcha sceirdiúil ach é ildaite ilchineálach scaití, eitlíonn tú ann, maraíonn tú ann, leanann sluaite zombaithe tú ann.
Ansin dúisíonn tú.
Brionglóidí.
Céard a tharlaíonn leo má thugann tú faoi deara gur ag brionglóidí atá tú?
Brionglóidí meabhracha (lucid dreams) a thugtar orthu seo.
Is cuimhin liom an chéad uair ar tharla a leithéid dom, bhíos ag déanamh iarrachta ainm a thabhairt ar dhuine agus níor rith sé liom cé gur thuigeas go raibh sé ar eolas agam.
Ar fáth éigin thuigeas gur ag bionglóidí a bhíos ansin díreach.
Ina dhiaidh sin thosaíos ag smaoineamh orm féin a bheith i mo chodladh i mo sheomra agus gur iontach an rud é dá bhféadfainn mo cholainn a bhogadh ainneoin mo chodlata.
Rinne mé iarracht déanamh amhlaidh.
Bhí orm iarracht ollmhór a dhéanamh bogadh, mar a bheinn ag eirí as coincréad agus mhothaíos go raibh ag éirí liom agus ansin… dhúisíos.
Tig linn tuairiscí ar bhrionglóidí meabhracha a rianú siar go hArastatal féin.
I mbrionglóidí meabhracha ardaíonn an seans go mbeidh éifeacht ag an duine ar an bpáirt a ghlacann siad sa bhionglóid féin agus an timpeallacht shamhaltach codlata, seo cuid mhór den fáth a bhfuil spéis ag daoine iontu.
Léiríonn staidéir go mbíonn níos mó gníomhaíochta inchinne sa mhaothán pairiatach (parietal lobe, cuid den inchinn ina dtarlaíonn smaoineamh comhfhiosach) le linn brionglóidí mar iad, rud a thugann le fios gur próiséas comhfhiosach atá ann.
An chéad duine a d’aithin go raibh féidearthacht eolaíochtúil ag dul leo ná an Marquis d’Hervey de Saint-Denys ina leabhar Les Reves et Les Moyens de Les Diriger: Observations Pratiques sa bhliain 1867.
Níor tharla sé dom féin ar feadh scaithimh eile tar éis don chéad gheábh bualadh liom.
An dara ceann acu ba rud níos suimiúla fós é.
Thugas faoi deara go raibh mé ag taibhreamh agus bheartaíos go n-osclóinn mo shúile.
Cheapas go mb’aisteach an rud é dá bhfeicfeadh duine mé luite i mo leaba agus go bhfeicfidís mo shúile ach go mbeinn fós i mo chodladh.
Bhí orm mór-iarracht a dhéanamh na súile a oscailt, mhothaigh sé go raibh siad teanntaithe le chéile.
Ar deireadh d’éirigh liom iad a oscailt (nó b’shin a cheapas) agus is mothúchán fíoraisteach a bhí ann.
Go tobann dhúisigh mé agus thosaigh mo shúile ag feiscint i gceart.
Agus mé ag taibhreamh shamhlaíos go raibh na súile oscailte agam agus go raibh mé in ann breathnú thart ar mo sheomra geal, ainneoin sin dhúisíos i meathdhorchadas mo sheomra.
Dúiseacht shamhalta laistigh de bhrionglóid mar a déarfá.
Nuair a tosaíodh ar anailís a dhéanamh ar bhrionglóidí meabhracha ar dtús ba dheacair a chruthú gurbh ann dóibh in aon chor.
Ní raibh i gceist ach focal an té a chuaigh fúthu.
Beartaíodh go ndeánfaí gluaiseachtaí súl daoine a thaifead, bhíothas leis na súile a bhogadh agus an chuid mheabhrach den bhrionglóid ann.
Chruthaigh seo go raibh daoine ag insint na fírinne, bhí smacht áirithe acu ar a gcolainn ina gcodladh dóibh.
Tá bealaí ann ar féidir úsáid a bhaint astu leis an seans go mbeidh brionglóid chomhfhiosach agat a ardú.
Cén fáth gur mhaith liom sin a dhéanamh a deir tú?
Mar gur féidir tionchar a imirt ar do bhrionglóidí níos mó sa tslí sin… tá sé taitneamhach a bheith in ann eitilt!
Tá cuid mhór agaibh a déarfaidh nach mbeadh aon suim nó fáth daoibh déanamh amhlaidh.
B’fhéidir go bhfuil an ceart agaibh ach tá an bhrionglóidíocht fós ar cheann de na rudaí diamhara sin nach bhfuil mórán de thuiscint ag an eolaíocht ar an bhfeidhm nó an feidhmiú atá leis.
Mar sin téigí ag fionnachtain ionaibh féin agus i mbrí an chine dhaonna trí chéile, mar is ansin a bheidh tú i do dhúiseacht i gceart!
Conas taibhreamh comhfhiosach a bheith agat:
• Coinnigh dialann brionglóidí, breac nótaí ar do chuid brionglóidí.
• Iarr ort féin ‘An i mbrionglóid dom?’ i rith an lae.
• Cuir aláram ar siúl le tú a dhúiseacht 6 uair tar éis dul a chodladh.
• Féach ar scáthán, cén chuma ata ort?
• Léim! Is minic is féidir leat eitilt i mbrionglóidí.
• Déan seiceáil rialta ar réaltacht i rith an lae agus tú dúiste.
• Agus comhfhiosacht sroichte agat, ba chóir duit a rá leat féin gur brionglóid mheabhrach atá ann mar go dtabharfaidh sin leibhéal níos airde smachta duit ar an mbrionglóid féin.
Foilsíodh an t-alt seo in Eagrán 47 den leagan clóite de NÓS.