Thosaíos jab nua inniu.
D’éirigh mé ar maidin, siúráilte glan go mbeadh m’aláram ag bualadh agus nárbh fhada uaim 7rn.
Dul amú orm, 3rn a bhí ann.
Thar n-ais ag codladh liom, ach codladh níor thit orm.
Suaite ag taibhreamh is ag dúiseacht ar aon, gach aon leathuair an chloig beagnach.
Le linn na hoíche (easpa) codlata, bhí an jab nua tosaithe agam, mar dhea, bhí mé le bheith ar stáitse an lá céanna, i seó úrnua, gan na línte a bheith de ghlanmheabhair agam.
B’amhlaidh go raibh clíséanna ar fad na dtaibhreamh bailithe le chéile chun mé a chrá go moch maidine.
Ar mo dhúiseacht dom, phléas mo chás le mo chomrádaí tí, Lisa.
Thug sí suntas do ghné na hamharclainne a bhain le mo chuid smaointe osréalacha.
“Nach ar stáitse a bheidh tú amárach, ar shlí?”, a cheistigh sí.
Do bhí an ceart aici.
Sea, is ormsa a bheidís ag faire.
Fúmsa a bhí sé anois, mé féin a chur in iúl go slachtmhar, mo chumas a thaispeáint.
Ní hamháin dóibh siúd a bheadh ag obair i mo theannta, ach dom féin.
“Hell yeah Sinéad, tá tú ábalta,” arsa mise.
“Dírigh tú féin anois a chailín, agus léirigh é sin dóibh!”
Ní bhuaileadh faic pep-talk ar uairibh!
Dhíríos agus thugas faoi ach is deacair an t-amhras inmheánach a phlúchadh.
Thuigeas na córais ar fad i mo shean-jab.
Is chugamsa a thiocfadh daoine le ceisteanna agus thaitin an ról sin liom.
Thaitin sé liom gur agamsa a bhíodh na freagraí.
Is ag foghlaim as an nua atáim anois.
Is fúmsa atá sé na ceisteanna a chur.
Táim ar an stáitse, gan na línte a bheith de ghlanmheabhair agam.
Bhíos ag stánadh ar scáileán mo ríomhaire inniu, íseal ionaim féin, nuair a tháinig teachtaireacht chugam ar m’fhón.
“Joe created group: Baby Ódhran’’.
Las mo chroí.
D’fhéachas ar an tsruth leanúnach de phictiúir a bhí á seoladh chugam ar WhatsApp.
Buachaillín beag gleoite os mo chomhair amach, mo nia, a bhí tagtha ar an saol.
D’fhéachas ar an leanbh beag bídeach seo, neadaithe i ngéaga a athar.
Bhraitheas imníoch dó.
An mó lá a bheadh roimhe agus é ag braistint neamhchinnte – bíodh gur faoi jab nua é, nó faoi ní éigin níos tromchúisí?
Stánas ar a aghaidh bheag shoineanta shochair agus rith sé liom, nach féidir é a iompar i ngéaga a athar go brách.
Beidh a chéad lá aige i scata jabanna táim cinnte, díreach ar nós a aintín inniu.
Níor cheart go mbeinn imníoch faoi sin ná faoi na constaicí eile a bheidh roimis sa saol.
Ba cheart go mbeadh sceitimíní orm.
Is é meanma na bliana úire agam a bheith ag súil le gach atá roimis amach anseo; na laethanta maithe nó a mhalairt laethanta fiú.
Léigh mé agallamh leis an amhránaí Adele san iris Time agus í ag labhairt faoina mac.
“I can’t wait to know who his best friends are going to be, who his girlfriend or his boyfriend is going to be or what movies he likes…”, atá scríofa aici.
Hello Adele, I hear ya.
Fad saol chugat Ódhran.