Athosclófar gairdín beorach Chlub Chonradh na Gaeilge Dé Luain

Athosclófar gairdín beorach Chlub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair Dé Luain 7 Meitheamh. Bhíothas ag díol ‘piontaí bóthair’ ó gheata tosaigh an Chlub Dé Sathairn an 22 Bealtaine le hairgead a bhailiú a ghlanfadh cuid de na billí a bhí le híoc, ach tá foireann an Chlub ag súil le fáilte a chur roimh Ghaeil na hardchathrach sa ghairdín beorach arís ag tús na seachtaine seo chugainn.

Fógraíodh ar na meáin shóisialta inniu go mbeidh ‘piontaí beir leat’ ar fáil ó dhoras an Chlub, mar a bhí coicís ó shin, ach go mbeidh an gairdín beorach ar chúl an tí ar oscailt freisin agus na srianta in aghaidh an víris chorónaigh maolaithe.

Beidh an Club ar oscailt Dé Luain seo chugainn den chéad uair agus gach Aoine agus Satharn ina dhiaidh sin. Ní féidir ach líon beag daoine a thabhairt isteach sa ghairdín beorach mar gheall ar na srianta a bheidh fós i bhfeidhm go ceann cúpla seachtain ar a laghad.

“Tiocfaidh bhur seal mar a thiocfaidh sibh féin,” a dúradh ar chuntas Twitter an Cblub.

Beidh an Club ar oscailt ó 15.30 go 23.00 Dé Luain seo chugainn, ó 17.30 go 23.00 ar an Aoine, agus ó 16.30 go 23.00 ar an Satharn.

Bhí an-lá ag lucht an Chlub an mhí seo caite nuair a díoladh deochanna ann den chéad uair le 15 mhí. Bhíothas ag iarraidh an áit a oscailt ar feadh an deireadh seachtaine ach bhí an oiread sin éilimh ar an tseirbhís ‘piontaí beir leat’ gurbh éigean an áit a dhúnadh arís Dé Domhnaigh.

Dúnadh an Club i mí Mhártana bliana seo caite nuair a tháinig an chéad ráig den víreas corónach go hÉirinn. Bhí súil ag lucht an tí tábhairne oscailt arís i mí an Mheithimh 2020 ach d’fhág na dianghlasálacha fada agus na ráigeanna nua den víreas nach raibh an deis sin acu.

Agus an Club dúnta rinneadh obair athchóirithe air. Péinteáladh na ballaí taobh istigh agus cuireadh scáileáin phlaisteacha in áit le dul i ngleic leis an víreas. Tá athchóiriú déanta ar an ngairdín beorach freisin.

Tá leathanach PayPal ag coiste an Chlub agus tá airgead á dheonú ag Gaeil Bhaile Átha Cliath go rialta le bliain anuas le cabhrú leis an gcoiste na costais a ghlanadh agus an Club dúnta don phobal.

SCÉALTA EILE