Bhí mé féin agus mo chol ceathrar as Meiriceá ag dul anonn is anall eadrainn Déardaoin seo caite mar gheall go raibh siad siúd ag ceiliúradh Fhéile an Altaithe.
Ba é an tús a bhí ag an bhféile seo ná go mbíodh na hEorpaigh ag ceiliúradh an dea-fhómhair agus ag gabháil buíochais le Dia as ucht rath a chur ar ar fhás siad an bhliain sin. Nuair a tháinig na hEorpaigh seo go dtí an tOileán Nua bhí an geimhreadh dian orthu mar go raibh siad i bhfad ó na tithe agus na cathracha a bhí réitithe le déileáil leis an ngeimhreadh agus iad caite i bhfiántas gan chompóirt ná cinntíocht go mairfeadh siad tríd.
An scéal a ríomhtar ná go raibh trua ag na bundúchasaigh dóibh agus bheathaigh siad iad agus thug siad aire do na strainséirí seo agus mar chúiteamh air seo thug na hEorpaigh cuireadh dóibh chuig an bhFéile Altaithe an bhliain ina dhiaidh sin lena gcuid buíochais a chur in iúl do na daoine cineálta seo.
Bhí sé de nós acu an fhéile seo a cheiliúradh leo go bliantúil as sin amach. (Ach ná ndéanaimis dearmad ar a ndearnadh na hEorpaigh leis na bundúchasaigh tamall ina dhiaidh sin). D’fhiafraigh mo chol ceathrar domsa ansin céard as a raibh mé féin buíoch.
Bhí smaoineamh beag amháin ann nach bhfágfadh mo mheabhair. Tá údar buíochais againn féin, na Gaeil, as gnaíúlacht na mbundúchasach céanna. Nuair a bhí an cúlú eacnamaíochta fataí (mar a deir Tommy Tiernan — “The Great Potato Recession”) againne sna 1840idí agus bia a bhí fásta agus réitithe in Éirinn á dhíol taobh amuigh den tír, cé as a dtáinig faoiseamh ach aniar trasna an Atlantaigh.
Sheol an náisiún Seactách $170 ($5000 an lae inniu) go hÉirinn — go leor airgid do dhaoine a bhí chomh bocht agus a bhí na Gaeil, a bhí bailithe acu ó ghnáthdhaoine na treibhe leis an gcúnamh a thabhairt d’Éireannaigh nach raibh an dream a bhí i gceannas sásta a thabhairt.
M’anam go bhfuil buíochas na nGael curtha in iúl cheana. Tógadh dealbh ‘Kindred Spirits’ i gCorcaigh ar a son agus ansin sa mbliain uafásach seo chuir muintir na hÉireann lámh i bpóca agus chuaigh beagnach dhá mhilliún dollar anonn chuig bundúchasaigh Mheiriceá le cabhair a thabhairt dóibh i rith na paindéime seo.
Ach cheapfainn féin go bhféadfadh muid ceann níos fearr a dhéanamh. Ba cheart dúinne, i mo thuairimse, ceangal níos daingne a chruthú eadrainn féin agus na daoine bochta seo a thug an oiread i gcaitheamh a saoil ó tháinig an fear geal agus nach bhfuair mórán dá bharr ach díbirt óna ndúichí agus ó thailte naofa a gcultúir agus a n-oidhreachta.
Tuigeann muide cén chaoi a n-airíonn ní cos ar bolg agus ní cheapfainn gur mór an difríocht idir muid agus na créatúir seo i ndáiríre. Sílim gur cheart dúinn traidisiún nua de cheiliúradh a thosú ar an maireachtáil as lámh a chéile atá déanta ag an dá chine in amanta streachailte.
Cén fáth nach ag castáil le treibheanna na mbundúchasach a théann an Taoiseach (mar a rinne an t-iarThaoiseach/co-Thaoiseach Varadkar sa mbliain 2018) ar Lá Fhéile Pádraig (nó i rith Fhéile Altaithe Mheiriceá fiú) seachas a ghabháil ag croitheadh lámh agus ag déanamh plámáis le cibé cén sean-spleantar atá sa Teach Bán ag an am?
Nó ar a laghad ar bith é a bheith mar chuid bhliantúil den turas céanna. Nó cén fáth nach dtugann muid cuireadh anall de bhaill den náisiún Seactách. Is mór an éagóir ar chuimhne na flaithiúlachta sin nach múintear mar chuid de stair an Ghorta ar scoil é. Ní raibh sé mar chuid de nuair a bhí mise á déanamh ar aon chuma.
Creidimse gur cheart scéal mór a dhéanamh de mar ba mhór an scéal a bhí ann do mhuintir na hÉireann a fuair an chabhair seo agus ba mhór an déirce a bhí ann le tabhairt dúinn nuair nach raibh sé acu le tabhairt.