Níor chuala mé an nath cainte ‘mo mháthair chríonna’ go dtí gur thosaigh mé ag obair le mná as Ciarraí i TG4. Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil máthair chineálta agam, agus cé nach n-aontaíonn muid ar chuile rud, ní athróinn ar ór na cruinne í.
Agus muid ag tabhairt aitheantais dár gcuid máithreacha inniu, ba cheart mamó a thabhairt chun cuimhne chomh maith. Bhí beirt mhamó agamsa, Mamó Nóra agus Mamó Sarah. Bhíodar beirt críonna. Bhí Mamó Nóra iontach ag cniotáil, fuáil, cróise agus ag imirt chártaí. Thaitin léitheoireacht léi, agus is a bhuíochas di go bhfuilim féin in ann beagán cniotála a dhéanamh, agus go ndearna mé chomh maith i mo chuid ranganna Gaeilge agus Béarla.
Rugadh Mamó Nóra i 1911, agus bhí sé neamhghnách ag an am sin go mbeadh cailín beag in ann Gaeilge agus Béarla a scríobh agus a léamh. Bhí an scil sin aici. Faraor, ní raibh an spéis chéanna aici sa mata, nó b’fhéidir go mbeadh mé i mo chuntasóir saibhir inniu.
Báicéir a rinne an cáca baile ab fhearr a bhlais mé riamh a bhí i Mamó Sarah. Feicim fós í ag seasamh ag an mbord sa Tuairín ag fuint, muid ag faire ar an gcáca ag fanacht go mbeadh cead againn é a ghearradh. Má bhí tada den cháca fanta, cuireadh isteach i máilín beag plúir é, a bhí coinnithe le fada an lá aici, agus chuirfí i dtaisce sa drisiúir é. Níor mhothaigh tada níos fearr ná dul suas ag Mamó Sarah tar éis na scoile, lán boilg den cháca baile a ithe agus a bheith ag comhrá léi. B’iontach an chluais a bhí aici. Uair sa gcéad, bainim féin triail as cáca baile a dhéanamh, ach faraor, ní bhíonn an blas céanna air. Seans gur i gcomhluadar Mhamó a bhí an draíocht agus ní sa gcáca.
Scríobh Hilary Clinton leabhar dár teideal It Takes a Village inár labhair sí faoin méid daoine a bhíonn láimh acu i dtógáil clainne. Chomh maith le mo chuid tuismitheoirí, bhí beirt bhan mhisniúla agamsa a thóg mé chomh maith. Ní hamháin sin, ach bhí máthair chríonna eile agam ar an mbaile, bean darbh ainm Baba Dhonnchú agus mhill sí muid. Milseáin, sú oráiste, iógart, scátaí rollála fiú. Diúltaíodh dom na scátaí, ach cheannaigh Baba dom i ngan fhios do mo mháthair iad. Chaith Baba chuile phingin a bhí aici ar dhaoine eile, gasúir ach go háirithe, agus bhí sí lán le spraoi. B’fhada linn go mbeadh muid ag dul ar cuairt aici.
Sa lá atá inniu ann, agus an brú atá ar mháithreacha dul ag obair chun morgáistí a íoc agus gan aon phlean ceart cúram leanaí sa tír, beidh mamó níos tábhachtaí fós. Tá Baba, Nóra agus Sarah ar fad básaithe anois agus níl lá ar bith nach smaoiníonn mé orthu. Má tá do mhamó fós agat, bí buíoch. Tá chuile shórt feicthe aici romhat. B’fhéidir gurbh é sin a bhí i gceist ag muintir Chiarraí nuair a thug siad críonna orthu.