‘Ba léir chomh mór is a bhraithimid ar an teicneolaíocht i ngach gné den saol’

Maidin Dé hAoine seo caite, dhúisigh mé go tobann nuair a chuala ping ó ríomhphoist ón ollscoil. Agus mé fós leath i mo chodladh, rinne mé iarracht an ríomhphost a léamh. Nuair a chonaic mé an focal ‘cibearionsaí’, cheap mé go raibh mé fós ag brionglóideach! Thuig mé go sciobtha gur déanadh ionsaí ar chóras ríomhaireachta na hollscoile. De réir an méid a dúradh níor rinne na haicéirí aon mhaith agus níor tógadh aon sonra. Ach faraor, mar thoradh ar an eachtra seo, cuireadh isteach go mór ar an nasc idir líonra an champais agus an t-idirlín lasmuigh, agus chuir sé isteach go mór ar chuile dhuine a bhaineann úsáid as an líonra sin – idir mhic léinn agus bhaill foirne.

Ar feadh tamaill, ní raibh rochtain ar aon chóras san ollscoil, Blackboard san áireamh – sin an córas fíorúil a úsáideann mic léinn agus léachtóirí le teacht ar gach rud a bhaineann leis an ollscoil. Samhlaigh an imní a bhí ann nuair nach raibh rud chomh tábhachtach leis sin ag oibriú ar chor ar bith! Sciobtha go maith, chuir an ollscoil ar an eolas muid faoi bhealach a bheadh muid ábalta Blackboard a úsáid. Faoi láthair, tá orainn dul ar ‘incognito’ mode ar Google agus logáil isteach ar chúlbhealach. Mothaím gur mé féin an haicéir agus mé á dhéanadh. 

Rud eile nach raibh mé ag súil leis ná nár oibrigh cuid de na meaisíní cártaí a úsáidtear le íocaíochtaí a dhéanamh ar fud an champais. Tá an oiread cleachtadh agam a bheith ag íoc as gach rud ag úsáid an ‘buille beag’ ar m’fhón póca agus ní raibh agam an lá sin ach nóta cúig euro i mo phuirsín. Bhí an t-ádh liom nach raibh uaim ach cupán caife ag an am.

Chuaigh cúrsaí chun olcais nuair a chuaigh Instagram, WhatsApp agus Facebook as feidhm Dé Luain agus thóg sé thart ar shé uair an chloig go dtí go raibh caoi éigin curtha orthu. Mar sin féin, nuair a stop na meáin shóisialta sin ag oibriú, bhog chuile dhuine go dtí Twitter chun labhairt faoi! Is léir nach raibh suim ag daoine dul ar ais ag na leabhra, nó a bheith ag imirt cluichí boird arís!

Ba léir dúinn an tseachtain seo dúinn cé mhéid a bhraitheann muid ar an teicneolaíocht, ní hamháin le fanacht i dteagmháil le chéile, ach le haghaidh chuile ghné den saol.  Cuireann sé cineál imní orm mar, nuair a tharlaíonn ionsaí ar chóras éigin a bhfuil muid ag brath air ní féidir tada a dhéanamh faoi, i ndáiríre. 

Do dhaoine óga na glúine seo, tá cleachtadh againn ar gach rud a bheith ar líne. Is é an bealach a labhraíonn muid le chéile, agus a íocann muid as rudaí agus maidir le na meáin sóisialta, is iad an chaoi a ndéanann muid taifead ar ár saol. Níl aon mhodh eile foghlama againn agus ní chreidim go mbeidh amach anseo mar nach bhfuil aon ghá leis. Ach b’fhéidir nach drochrud i gcónaí an briseadh ón teicneolaíocht, agus go léireodh sé dúinn gur féidir feidhmiú gan í. 

SCÉALTA EILE