Deirtear gur linn ar fad an Ghaeilge. Is linn ar fada, mar sin, an Ghaelscolaíocht chomh maith. Bíonn roinnt steiréitíopaí nó caint faoi Ghaelscoileanna agus na cineálacha daltaí a bhíonn iontu — ó thaobh aicme agus cine de.
Ach tá Gaelscoileanna i ngach cearn den tír, agus anois tá ár nGaelscoileanna á bhforbairt ó thaobh an idircultúrachais de freisin. Ceistíonn roinnt daoine sa phobal cumas Gaeilge na ndaltaí Gaelscoile, go háirithe iad siúd a chríochnaíonn an scoil agus a bhíonn ag plé leis an mBéarla níos mó, iad scoite amach ó shaol na Gaeilge. Ach nach é an rud is tábhachtaí go mbeidh Gaeilge ag daoine óga, go háirithe daoine óga nach bhfuil pioc Gaeilge ag a muintir?
Ba lifeline an Ghaelscolaíocht domsa ar shlí, murach í ní dóigh liom go mbeadh Gaeilge agam anois, agus sin an cás do chuid mhór cainteoirí Gaeilge, go háirithe iad siúd nár labhair Gaeilge sa bhaile lena muintir.
Níor chóir go mbeadh an Ghaelscolaíocht ann díreach dóibh siúd a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile —agus táthar ann a chreideann é sin. Táthar ann freisin a chreideann gur rud ‘meán-aicmeach’ anois do pháiste a chur chuig Gaelscoil, gur cineál trend atá ann agus go bhfuil an cúis na Gaelscolaíochta ceilte taobh thiar de.
Is minic a fhiafraítear díomsa cén fáth ar fhreastail mé ar Ghaelscoil. Mo cheist do na daoine sin ná cén fáth nach mbeinn ag iarraidh bheith i nGaelscoil? Is scoileanna iad cosúil le haon scoil eile, an t-aon difríocht ná go bhfeidhmíonn siad i nGaeilge agus béim ar thraidisiúin na nGael.
Is cinnte go bhfuil go leor éilimh orthu agus nach bhfuil an t-éileamh sin á shásamh, faraor, ach chuireann sé áthas orm le fheiceáil go bhfuil níos mó spéise ag tuismitheoirí ó chúlraí difriúla a bpáistí a chur go Gaelscoil.
Nuair a bhí mé féin ag fás aníos agus mé ar Gaelscoil, bhí daoine sa mhórphobal nach raibh sásta go raibh mo leithéid ann. Chreid roinnt daoine go bhfuil Gaelscoileanna ann d’Éireannaigh amháin agus sin sin. Ach tá sé sin athraithe anois, tá Éire ag athrú agus tá ár gcuid scoileanna ag athrú.
Ní dóigh liom go bhfuil aon dabht faoi go dtugann siad deiseanna iontacha do dhaoine óga agus tú ag plé leis an teanga ó aois óg. Is fiú go mór iad agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. B’fhéidir nach bhfaigheann na ndaltaí deiseanna an Ghaeilge a choimeád tar éis na scoile, ach is minic a bhíonn an dallamullóg ar daoine nach féidir obair leis an nGaeilge sa saol mór. Ba chóir go mbeadh níos mó tacaíochta agus eolais do dhaoine conas leanúint ar aghaidh leis an teanga tar éis na scoile.