Baill an rothair mar a léiríodh in ‘Irisleabhar na Gaedhilge’ iad

Inniu Lá Domhanda na Rothar agus tá ceiliúradh á dhéanamh ar fud an domhain ar an gcapall iarainn. Bhí ról lárnach ag an rothar in Athbheochan na Gaeilge ag deireadh an 19ú hAois, agus tá cion ag an nGael ar a bhadhsacal le fada an lá.

Foilsíodh an léaráid thuas in Irisleabhar na Gaedhilge, foilseachán a chuir an eagraíocht Aondacht na Gaedhilge amach ó 1882 go 1909.

Feictear ann baill an rothair agus a n-ainm Gaeilge mar a bhí ag Gaeil na linne orthu. Ar ndóigh, níl aon chaint ar an ‘ríomhaire rothair’ ná ar na ‘coscán diosca’ ach tá na téarmaí uilig atá ann feiliúnach do rothaithe ár linne féin.

Gura fada buan an rothar Gaelach!

SCÉALTA EILE