Bean Ghaeltachta roghnaithe do ghradam ’40 faoi 40′ i Meiriceá

Tá an gradam ‘Rogha an Phobail’ buaite ag bean Ghaeltachta ag searmanas mór i Meiriceá ag ar tugadh aitheantas do dhaoine óga Gael-Mheiriceánacha as a gcuid oibre. Ba í Siobhán Ní Chiobháin, as Muiríoch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, a thug léi an gradam ‘The Irish Echo 40 Under 40 People’s Choice Award’ ag searmanas sa Manhattan Club i New York aréir. 

Tá na gradaim á reáchtáil ag an nuachtán aitheanta Gael-Mheiriceánach The Irish Echo le breis agus deich mbliana agus ceiliúrtar na hÉireannaigh atá ag cur fúthu i Meiriceá, agus a sliocht, a bhfuil éachtaí bainte amach acu i réimse éagsúla thall i Meiriceá. I measc na ngradam éagsúla a bhronntar ag an searmanas mór i New York, tá ‘Ceannaireacht sa bPobal’, ‘Bród na hÉireann’, ‘Ceannaireacht Ghnó’, ‘Bród an Iarthair Láir’.

Tá Siobhán, atá 36 bliain d’aois, ina cónaí i New York le beagnach ceithre bliana. Is léiritheoir í atá ag obair san earnáil gnó, agus tá obair déanta aici le comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós Pepsi. Sular bhog sí go Meiriceá in 2015, chaith Siobhán tréimhse deich mbliana i mBéal Feirste, mar a raibh sí ag obair ar chláir theilifíse do TG4, RTÉ, BBC agus UTV. Tá sí ag obair faoi láthair ar scannán fantaisíochta Éireannach dar teideal Tethered.

“Caitheann [na gradaim] solas ar Ghael-Mheiriceánaigh a bhfuil gealladh fúthu, ceannairí nua Mheiriceá na nGael, i ngach cearn den tír [SAM] agus i réimse leathan oibre. Is mór an onóir é gradam mar seo a fháil dá gcuid oibre sula mbaineann siad an dá scór amach,” a dúirt The Irish Echo. 

Tá Siobhán an-ghníomhach i saol na Gaeilge i New York agus ina ball d’eagraíochtaí éagsúla Gaeilge sa gcathair. Tá sí ar dhuine de bhunaitheoirí na heagraíochta nua do chainteoirí Gaeilge i New York, Gaeil Nua-Eabhrac, a tháinig ar an bhfód an bhliain seo caite le himeachtaí a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí na cathrach. 

Ba í Siobhán, in éineacht lena cara Frances Mulraney, a chuir tús leis an gcéad Phop Up Gaeltacht taobh amuigh d’Éirinn in 2016, nuair a thug siad cainteoirí Gaeilge le chéile i Murphy’s Bar ar 2nd Avenue. 

Anuas air sin, bíonn Siobhán ag múineadh Gaeilge do mhuintir New York in Ionad Ealaíona na hÉireann i gceantar Hell’s Kitchen. 

SCÉALTA EILE