Bhuel, Bliain Úr Faoi Mhaise daoibh ar fad! Tá sé deacair a chreidbheáil go bhfuil 2018 críochaithe cheana féin. Chaith mé féin an Nollaig agus Oíche na Seanbhliana i nDoire agus tá mé anseo ó shin os rud é nach mbeidh muid ag toiseacht ar ais ar an ollscoil go ceann coicíse eile.
De gnáth, ní bhím sa bhaile ar feadh i bhfad mar gheall ar chúrsaí oibre, nó mar gheall ar chóisir áit éigin, ach anois tá mé iomlán saor — fágann sé sin go bhfuil mé ag éirí sa tráthnóna agus ag suí thart i m’éadaí codlata don lá ar fad.
Ach bhí an sos seo de dhíth orm (nó sin ata mé a rá liom féin cibé ar bith agus ní chluinim duine ar bith eile ag insint a mhalairt de scéal dom!).
Deirtear go n-iompaíonn do mheon ar ais go meon an pháiste agus tú sa bhaile, faoi smacht do thuismitheoirí. Níor smaoinigh mé air seo riamh roimhe ach bím cineál airdeallach air agus mé sa bhaile an uair seo, agus caithfidh mé a rá gur thug mé faoi deara go raibh mé ag déanamh rudaí nach ndéanfainn de gnáth agus mé i mo theach féin i nGaillimh.
Níl mé ag caint mar gheall ar tantrum a bheith agam mar ní raibh mé ag iarraidh mo dhinnéar a ithe, ach rudaí beaga ar nós muga a fhágáil sa seomra suí nó gan mo leaba a chóiriú ar maidin.
Ach ní drochrud go hiomlán é an meon sin a bheith agam mar mothaím níos éadroma ionam féin chomh maith. Bhí mé in ann an-sult a bhaint as oícheanta amuigh le mo chairde ag rith thart is ag damhsa mar amadán, rud nach ndéanaim go leor agus mé i nGaillimh.
Bhí mé dubh dóite sa teach inné ag iarraidh mo chara a mhealladh chuig an chathair liom ach ní raibh ag iarraidh go rómhaith liom. Thosaigh muid ag caint ansin fúithi féin agus a buachaill ag dul chun na Fraince an tseachtain seo chugainn ar cuairt chuig ár gcara eile agus an chéad rud eile bhí eilit curtha in airithe agam le dul leofa! Mar sin an t-am seo an tseachtain seo chugainn beidh mé i mo chúigiú roth ag scríobh chugaibh ó shléibhte na Fraince le mo bheirt charad agus a mbuachaillí. Rómánsúil!
Ach leis an fhírinne a rá, tá mé ag dúil go mór leis. Ní raibh mé thar lear le ceithre bliana anuas agus cé go bhfuil grá agam dár dtír bheag ghalánta anseo, tá domhan mór millteach amuigh ansin le feiceáil chomh maith!