“B’fhearr le mo thuismitheoirí go mbeinn sa bhaile”

Tá rud éigin an-aisteach ag baint le saol an imircigh — aon uair a bhuaileann an fón, nó a léann tú téacs a thosaíonn le “ar chuala tú…?”, tagann imní ort. 

Ceapann tú i gcónaí go bhfuil rud éigin tubaisteach tar éis tarlú; déanann tú iarracht mothúchán an duine atá ag labhairt a mheas, cuirtear gal reatha faoi do chuisle, agus, go dtí go ndeirtear leat go bhfuil gach rud i gceart, smaoiníonn tú ar phraghas ticéid eitilte. 

Bhí an t-imní céanna orm le linn na géarchéime seo, agus mé ag leanúint na dtreoracha a thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála dúinn. Chonaic muid ar na meáin shóisialta teachtaireachtaí loma a rá linn gur cheart teacht abhaile láithreach más mian linn é a dhéanamh ar chor ar bith, toisc go gcuirfeadh an coróinvíreas isteach ar thaisteal agus ar shaol na ndaoine ar feadh i bhfad. 

Dúradh le pobal na hÉireann sa Spáinn é; dúradh le pobal na hÉireann sa Fhrainc é. Cinnte go ndéarfaí linne é.

Tháinig an Tweet ó Simon Coveney chugainn an tseachtain seo — é ag rá le hÉireannaigh sa Bheilg teacht abhaile chomh luath agus is féidir, má bhí muid le teacht ar chor ar bith. 

Buairt aigne arís. Dúirt Mam liom cúpla babhta go mb’fhearr léi go dtiocfainn abhaile. “Níl sé chomh éasca leis sin,” a d’fhreagair mé — agus ní raibh. Bhí mo phost agam anseo (cé go raibh mé ag obair ón mbaile), bhí neamhspleáchas (aisteach agus srianta) agam sa chathair nuair nach raibh mé ag brath ar charr le dul chuig siopa nó chuig cógaslann, bhí árachas sláinte agam sa Bheilg. Stádas éiginnte in Éirinn.

Ar an láimh eile, bhí mo mhuintir agus mo chairde in Éirinn. Bhí raidió na hÉireann ann, teilifís na hÉireann ann, polaiteoirí a raibh aithne agam orthu agus cuid acu a thaitin liom. Treoracha sláinte i mo theanga féin. Mo phobal, le chéile, ag troid ar a son féin agus ag maireachtáil ar scáth a chéile. 

Cinneadh thar a bheith deacair a bhí ann. Bhí an eitilt curtha in áirithe agam, agus mé réidh le himeacht nuair a bheartaigh mé, faoi dheireadh, fanacht. Chuaigh cúpla cara abhaile, agus iad lan-sásta go ndeachaigh siad. Bhí díomá ar Mham, is dóigh liom gur cheap sí gur masla a bhí ann. Ar ndóigh, a mhalairt a bhí fíor. Mhothaigh mé go mbeadh sé róchontúirteach dul abhaile ar fhaitíos go dtolgfadh sí nó Dad uaimse é.

Bíonn briseadh croí i gcónaí ann nuair a thagann téacs chugam uaithi, agus mé cinnte go mb’fhearr le mo thuismitheoirí dá mbeinn sa bhaile. Ní maith liom an éiginnteacht atá ann maidir le mo chéad chuairt eile. Léiríonn an galar seo cé chomh leochaileach agus atá muid, is atá ár sochaí, i mbealach a bhain preab asam.

Mar sin féin, tá an t-ádh liom. Tá mé tar éis oifig a dhéanamh dom féin i mo theach, déanaim teagmháil rialta le mo chairde agus mo mhuintir ar na meáin shóisialta, tá muid gnóthach san obair agus tá an t-am agam mo scíth a ligean gach lá. 

Is ardú meanman i gcónaí iarracht an phobail i gcoinne an ghalair a fheiceáil, agus tugann sin dóchas dom. Is fada liom mo thuras abhaile, barróg ó mo mhuintir, pionta Guinness i gContae an Chláir, comhrá éadrom le cairde timpeall ar bhord tí ósta — táim dóchasach go mbeidh sin againn sara i bhfad.

Go dtí sin, tugaigí aire daoibh féin. 

SCÉALTA EILE