Is é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, atá ar fáil ar líne ag focloir.ie, an foclóir is údarásaí dá bhfuil againn agus níor loic lucht na bhfocal orainn nuair a d’iarr NÓS orthu liosta scanrúil a sholáthar! Beannachtaí na Samhna oraibh!
Hallowe’en costume culaith Oíche Shamhna
scary scanrúil, scanraitheach
I nearly died of fright baineadh an croí asam, tógadh ó thalamh mé
he took fright and ran off tháinig eagla air agus d’imigh sé ina rith, scanraigh sé agus d’imigh leis
she was given a terrible fright scanraíodh go mór í, baineadh scanradh mór aisti
the spirit world an saol eile
ghoul amhailt
a two-headed monster arracht décheannach, arracht a bhfuil dhá cheann air
he was scared shitless bhí eagla a chraicinn air, bhí eagla an domhain air, bhí an cac ar creathadh ann le faitíos
I uttered a terrified cry lig mé scread uafáis
scrape the flesh out of the pumpkin scríob an bia amach as an bpuimcín
bat ialtóg, sciathán leathair
he’s evil to the core tá an drochrud go smior ann
he’s under an evil spell tá sé faoi gheasa droma draíochta
to cast a spell on sb (also to cast a spell over sb) duine a chur faoi dhraíocht, ortha a chur ar dhuine