Bhí bitheolaí Gaeltachta san áireamh agus ainmneacha á roghnú do long nua de chuid na hInstitiúide Mara, árthach taighde a ainmníodh as an mairnéalach Tom Crean as Abhainn an Scáil i gContae Chiarraí sa deireadh.
De réir tuairisce a foilsíodh ar iris bádóireachta Afloat inniu, bhí Maude Delap, a rugadh i dTeampall Cróine i nGaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 1866 ar an ngearrliosta agus ainmneacha á meas don árthach nua a sheolfar an samhradh seo chugainn.
Cé gur rugadh i nGaeltacht Dhún na nGall í, chaith sí formhór a saoil i nDairbhre, amach ó chósta Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí – thart ar 15 mhuirmhíle ó bhaile dúchais Tom Crean féin – oileán a bhí ina cheantar láidir Gaeilge tráth a bhí Maude ar an saol.
Bhain sí a cáil amach mar bhitheolaí mara, go mór mór mar gheall ar an spéis a chuir sí i smugairlí róin agus an taighde a rinne sí ar speicis éagsúla. Tá go leor de na hainmhithe mara a bhailigh sí féin agus a deirfiúr i mbailiúchán Mhúsaeim Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath.
Moladh ainm Maude Delap mar ainm don long nua anuraidh ach dheimhnigh an tAire Mara Charlie McConalogue gur as Tom Crean a ainmneofar an long – fear a bhfuil sliabh, oighearshruth, agus beoir ainmnithe as cheana féin chomh maith le dealbh ina onóir ina bhaile dúchais taobh amuigh den teach tábhairne a d’oscail sé.
Ainmníodh bundún leice as Maude Delap agus tá leac chuimhneacháin di i nDairbhre. Ní fhaightear an ‘Edwardsia delapiae’ áit ar bith eile ar domhan ach amháin i nDairbhre. Is san oileán sin atá sí curtha in éineacht lena muintir.