Tá mo chroí istigh i mo rothar. Tá dath glas uirthi (is bean í), tá sí sean agus tá rotha breátha móra uirthi. Mothaím ard agus cineáilín sexy agus mé ag zoomáil thart sráideanna na Gaillimhe uirthi. Bím ag éisteacht le ceol den chuid is mó agus mé ar mo rothar agus is minic a bhím ag ligean orm féin go bhfuil mé i bhfíseán ceoil. Tá saoirse agam mar gheall gur féidir liom dul áit ar bith go gasta agus go furasta léi agus is féidir liom fanacht i mo leaba 20 bomaite níos mó ar maidin mar gheall uirthi.
Mar sin féin, briseadh mo chroí an tseachtain seo. Ní raibh ann ach rud beag ar dtús. Tá barra ar an roth tosaigh idir an sciath láibe agus an roth féin agus tá sé nasctha ar lár an rotha. Cúpla seachtain ó shin shleamhnaigh an barra agus caithfidh gur thiontaigh sé ar bhealach chomh maith, mar anois tá fuaim aisteach agus iontach ard ag teacht ón rothar. Tá an fhuaim cosúil le lachain atá díreach i ndiaidh a fháil amach go bhfuil an crannchur náisiúnta bainte aici nó ar nós gur chuir mé buidéal plaisteach ar an roth mar a dhéanfadh muid agus muid óg le ligean orainn féin go raibh gluaisrothair againn. Bhí sin iontach agus tú ocht mbliana d’aois ach tá sé faighte amach agam nach bhfuil tú chomh cool ceánna nuair atá tú 23. Theip ar gach iarracht a rinne mé an rud seo a dheisiú ach cuirim an ceol níos airde ar mo iPod agus is féidir liom ligean orm nach bhfuil sé ann.
De réir a chéile, thosaigh rudaí eile ag titim den rothar. Cúpla scriú ag titim di anseo is ansiúd agus bhí sí ag éirí níos callánaí fosta. Tá raca ar an chúlroth agus cuirim mo chóta ansin de ghnáth le nach mbeidh mé ag bárcadh allais agus mé ag dul chun na hollscoile. De réir a chéile thosaigh na scriúnna ar fad ag titim den raca seo chomh maith agus níl scriú ar bith fágtha anois. Tá an raca go fóill ceangailte le giota téide a chuir mé féin air agus téann an líne don choscáin fríd chomh maith.
Faoi thús na seachtaine seo bheadh gach duine ag amharc orm agus mé ag rothaíocht mar gheall ar an oiread gliograim graifne greadhaine a bheadh le cluinstin ón rothar. Ar dtús chuir sé faitíos orm go raibh daoine ag amharc orm ach lá amháin bhí mé ag éisteacht le Florence and the Machine agus chuir sé go mór leis an fhíseán ceoil go raibh daoine ag amharc orm ann. Ó shin ar aghaidh bím i bhfad níos muiníní ar mo rothar ná mar a bhím gan í agus mothaím nach fiú rud ar bith mé gan í.
Fuair mé amach inniu nárbh í mo rothar an rud is sábháilte ar domhan. Agus mé ag teacht isteach chun na hollscoile thiontaigh mé go gasta agus go tobann stop na rotha ag tiontú agus ar nós marcach leagtha de chapall bruite leagadh go talamh mé. Ní raibh an oiread céanna náire orm is a bhí i ndiaidh dom an chaint sin a thabhairt do lucht na chéad bhliana ach bhí sé cóngarach go leor leis. Níor thug duine ar bith cuidiú dom agus mé ag cur an rothar bocht ar ais le chéile ach bhí mé sna trithí gáire ar an rud ar fad agus lena gceart a thabhairt do na daoine a bhí thart orm, bhí cuma orm go raibh cúpla scriú ar iarraidh ormsa chomh maith.
Nuair a tháinig mé ar ais chugam féin tamall ina dhiaidh sin, bhuail sé liom cad a tharla agus gur dócha go bhfuil orm mo chara is fearr a fhágáil sa bhaile nó go bhfuil mé in ann í a dheisiú. Ciallaíonn sé sin go mbeidh orm siúl gach áit agus nach mbeidh mé i bhfíseán ceoil eile go ceann tamaill. Ar a bharr sin, ní hamháin nach mbeidh mé chomh haclaí céanna anois ach tá cuma iontach ar mo thóin mar gheall ar an rothaíocht agus tá sé sin ag dul in éag chomh maith go bhfuil mo rothar beag tinn.
Tá brón orm nár thug mé aird ar fhadhbanna mo rothair agus go bhfuil muid beirt ag íoc as anois. Geallaim di go dtabharfaidh mé aire níos fearr di as seo amach agus tá mé cinnte go mbeidh muid beirt níos sásta i ndiaidh dom í a dheisiú. Le cuidiú Dé beidh lá eile ag mo thóin chomh maith!