Bhí mé chomh heagraithe sin ag tús na bliana acadúla ach anois…

Tá muid i seachtain a sé anois den chéad seimeastar ollscoile. Faraor, ciallaíonn sé seo go bhfuil mo chuid obair ollscoile ar fad ag teacht sa mullach orm. Agus mé ag scríobh an ailt seo, tá thart ar fhiche cluaisín oscailte agam ar Google, chomh maith le trí cháipéis éagsúla Word agus mé ag iarraidh dhá aiste a scríobh ag an am céanna. Má thosaíonn mé ag caint faoi Skinnerian methodology ag pointe éigin san alt seo, bí tuisceanach!

Tá an t-am go hiomlán sciorrtha uaim. Shílfeá gur an tseachtain seo caite a bhí mo chéad lá den ollscoil agam agus ní sé seachtaine ó shin. Ar an drochuair, tá an t-am ag imeacht níos sciobtha agus níos sciobtha agus mo chuid spriocdhátaí ag teacht chun cinn orm de réir a chéile. Bhí mé thar a bheith eagraithe ag tús an tseimeastair, ar nós cuid mhaith mac léinn. Tá mo chuid spriocdhátaí ar fad eagraithe agus scríofa agam ar phíosa pháipéir agus é curtha taobh thiar do mo dheasc. 

Mhothaigh mé chomh heagraithe sin. Go dtí go raibh sé in am an obair a chur isteach.

 Ansin níor mhothaigh mé chomh muiníneach céanna. Anois caithfidh mé na mílte focal a scríobh faoi rud éigin eile nach bhfuil cliú agam faoi agus an dallamullóg a chur ar mo léachtóir go raibh mé go fírinneach ag éisteacht in a chuid ranganna (tá sé ceart go leor, níl Gaeilge aige.) 

Tá mé an-airdeallach faoi mo chuid grád san ollscoil i mbliana, mar go bhfuil mé ag iarraidh an Erasmus a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Mar sin féin, ní bhfaighidh ach cheithre dhuine déag as rang ceathracha mac léinn an seans dul thar lear. Braitheann gach rud ar na gráid a gheobhaidh muid i rith na bliana, agus ar ndóigh, na daoine a gheobhaidh na gráid is fearr, is iad a bheidh ag fáil na deise dul thar lear le staidéar mar chuid den Erasmus. Níl aon bhrú ansin, an bhfuil! 

Cé go labhraím faoin méid oibre atá le déanamh agam, ní minic a dhiúltaím do mo chuid cairde,  má tá siad ag iarraidh dul amach don oíche, dul ag cóisir, nó má tá rud éigin maith ar Netflix. Anuas ar sin, tá muid uilig ag súil go mbeidh na clubanna ag oscailt suas den chéad uair tar éis beagnach dhá bhliain i gceann seachtaine! Sílim go rachaidh an obair ollscoile go hiomlán amach an fhuinneog ansin.  

Ceann de na rudaí a oibríonn go hiontach dom ná seicliostaí. Má tá rud scríofa agam agus tá mé ábalta é a sheiceáil ó liosta, tugann sé in oiread sásaimh dom.  Ach faraor tá seicliosta mór millteach le scríobh anois agam.

Níl an chothromaíocht rúnda seo idir obair na hollscoile agus an saol sóisialta déanta amach agam fós, ach nuair a bheidh is tusa, a léitheoir, an chéad duine a bheidh ar an eolas faoi!

SCÉALTA EILE