Bhí mé dubh dóite den saol ar líne agus músclaíodh mo dhúil sa dúlra…

Ní go rómhinic a bhím ag éisteacht le RTÉ Radio One, ar maidin ach go háirithe. Ní shéanaim go mbíonn scoth na craoltóireachta ann, ná go ndéanann na hiriseoirí jab maith an nuacht a chur i láthair. Níl ann ach go mbím rud beag mothálach ar maidin agus má dhéanann “Tús maith, leath na hoibre”, déanann Morning Ireland an obair a dhá oiread níos mó dom, tar éis uair an chloig a chaitheamh ag éisteacht leis an gcaint ghruama acu ar chúrsaí an tsaoil. 

Mar sin féin, tugaim cluas dó anois is arís, maidineacha a bhíonn níos mó misnigh agam. Lá dá leithéid, tháinig mé slán as an gcíoradh ar chúrsaí reatha agus choinnigh mé orm ag éisteacht ina dhiaidh. 

Mar sin, bhí Ryan Tubridy mar chomhluadar agam sa charr ar feadh píosa agus an chéad bhlúirín nuachta a bhí idir chamáin aige ná an líon mór daoine óga atá anois, dar leis, go hiomlán craiceáilte i ndiaidh an éanbhreathnaithe.

De réir taighde Tubs, bhí an t-aos óg bréan den síorcheangal cumarsáide a bhaineann leis an ré dhigiteach agus dá dheasca sin bhí casadh 180º déanta acu; ó bheith ceann cromtha, sáite i scáileán, go ceann crochta, sa tóir ar spideoga.

D’aithníos mé féin sa scéal. Bíonn idir chlann agus chairde cráite agam leis an tsíorchaint ar ainmneacha na n-éan nó na mbláthanna fiáine agus chuir sé ríméad orm a chloisteáil go raibh daoine óga eile ar aon intinn liom. Má bhí mé i m’éan corr, b’fhéidir go raibh mé ar tí m’ealta a aimsiú! 

Ach an oiread le mo chomhmhílaoisigh, músclaíodh mo dhúil sa dúlra mar thoradh ar a bheith dubh dóite den saol ar líne. Bhíos ag obair in earnáil na meán sóisialta agus cé gur obair chruthaitheach phléisiúrtha a bhí ann, ní raibh sé i bhfad sular mhothaigh mé drochthionchar na scáileán orm féin.

Mar réiteach ar an scéal, chuireas dúshlán romham féin, gabháil amach faoin aer gach lá ag am lóin. Is le linn na siúlóidí cinniúnacha siúd a tháinig mé ar an gcaitheamh aimsire is simplí agus is mó phléisiúr a bhí agam riamh — bheith ag toraíocht bláthanna fiáine.

Is iontach an caitheamh aimsire é a bheith ag faire ar éin cinnte, ach má bhíonn tú gann ar am mar a bhíos, is torthúla duit d’am a chaitheamh ag tóraíocht bláthanna fiáine. Bíonn na buntáistí céanna le baint as, aer úr agus aireachas, ach thar a cheann sin, ní theithfidh bláthanna romhat mar a theithfeadh an dreoilín.

In ainneoin na cúise a thosaigh mo chaitheamh aimsire, le bearna a chur idir mé féin agus na meáin shóisialta, gach uair a thagainn ar bhláth nua agus na scéalta a bhaineadh leis, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don tochas i mo mhéara, snap sciobtha a chur ar Instagram agus an méid a bhí foghlamtha agam a roinnt. 

View this post on Instagram

PRAISEACH BHUÍ // CHARLOCK 🌼. . . Planda a fheictear go han-mhinic í Praiseach Bhuí agus tá sí thar a bheith úsáideach freisin! Is féidir í a ithe, agus bhí sé de nós ag daoine "praiseach" a dhéanamh aisti, béile cosúil le leite. Bhí sé tábhachtach ach go háirithe le linn an Ghorta mhóir, nuair nach raibh mórán bídh eile ar fáil. Cloistear frása sa Ghaeilge go minic, "Rinne tú praiseach de…", a thagann ón mbéile seo, mar gheall go raibh cuma míshlachtmhar uirthi. Má dhéanann tú "praiseach" de rud éigin, níl sé déanta i gceart agat! 🤭. // This is a very common and very useful edible plant! People used to make "praiseach" from Charlock, a dish like porridge. It was a very important source of food for people during the Great Famine, when little else was available. Praiseach Bhuí is also the source of a common phrase in Irish, "Rinne tú praiseach de!", meaning"You made a mess of it!". Praiseach was a messy dish, so if you make a praiseach of something, you've done a very poor job 😝. . . #bláthannafiáine #praiseachbhuí #charlock #wildflowers #gaeilge #nature #dúlra #bláthanna #irishwildflowers

A post shared by Bláthanna Fiáine 📸 (@blathannafiaine) on

Mar a deir an seanfhocal, “Is féidir an mílaoiseach a chur amach faoin aer, ach ní féidir an mílaoiseachas a dhíbirt as.”

Bhí an t-aiseolas a fuair mé ó na pictiúir sin chomh spreagúil sin, gur chruthaigh mé cuntas poiblí ar Instagram a bheadh tiomanta go hiomlán do mo chaitheamh aimsire. Chuireas tús leis thart ar an am céanna a cuireadh an dianghasáil i bhfeidhm agus ní raibh am níos fearr lena aghaidh, is cosúil; bhí bláthanna fiáine an earraigh ag bláthú, bhí moill ar shíorghluaiseacht an tsaoil agus bhí níos mó ama ag daoine ná riamh le hateagmháil a dhéanamh leis an dúlra.

Go gairid, bhí cúpla céad duine do mo leanúint agus pobal lách láidir cruthaithe againn; daoine óga, díograiseoirí á dtarraingt le chéile ag ár ndúil sa dúlra.

Bhíos féin ann, ar ndóigh, le mo bhláthanna fiáine agus béaloideas na n-ainmneacha Gaeilge (@blathannafiaine). Duine eile ná Marcas Iácób (@irishzoologist), fear óg a bhíonn ag sealgaireacht do phlandaí fiáine le comhbhruite d’aon chineál a dhéanamh, ó fhíon neantóg go fínéagar creamha.

Má bhí lúcháir orm eisean a leanúint, is ríméadach a bhí mé cuntas Shíne Nic Ailín (@mcbeaney) a fheiscint, lena cuid scéalta faoi chrainn na hÉireann agus an mhiotaseolaíocht a bhaineann leo. 

Ní ceart dearmad a dhéanamh ar na héanbhreathnóirí ach oiread, agus ar ndóigh tá go leor acu siúd sa phobal, ar nós @birds_from_my_dublin_balcony.  

Má thosaigh mé amach ag ceapadh gur fearr droim láimhe a thabhairt do na meáin shóisialta agus mé féin a thumadh sa saol nádúrtha, bhí dul amú orm. Ó chomhcheanglaíos lena chéile iad, seachas iad a scaradh óna chéile, tá maoinchiste gan srian agam, lán d’éin, de bhláthanna, de dhúlra agus de dhearfacht. 

SCÉALTA EILE