Bhí náire orm a bheith amuigh ag rith os comhair an tsaoil

Níl sé éasca mé a náiriú. Maíonn mé go bhfuil mé cúthail mar dhuine, cé go séanann go leor de mo lucht aitheantais é sin, ach maíonn mé freisin go bhfuil mé go maith in ann ag an magadh agus a spochadh agus gur dheacair náire a chur orm.

Ach nuair a thosaigh mé ag traenáil don mharatón i New York ag tús na bliana seo, ní mheallfadh ór na cruinne amach os comhair an tsaoil mé, agus rinne mé an traenáil uilig i gcroí dubh na hoíche. 

Agus mé i mBaile Átha Cliath, bainim úsáid as an gcosán fada a shíneann cois cósta ag Cluain Tarbh don traenáil. Is bealach deas réidh atá ann agus bíonn sé éasca dul chun cinn a thomhais ó thaobh luais, aclaíochta agus eile de ann.

Oíche chiúin fhuar i mí Feabhra, agus an chéad €600 curtha i dtaisce le Cumann Ailse na hÉireann agam, tharraing mé orm na seanbhróga reatha a cheannaigh mé cúpla bliain ó shin agus réitigh mé féin le dul ag rith. Ar mo chosa bhí bríste fada tiubha spóirt, agus geansaí cochaille ar bharr — éadaí nach gcaithfinn go brách arís agus mé amuigh ag rith. 

Ach mar sin a ghléas mé don chéad chúpla seachtain sin agus mé ag rith idir 22.00 agus 02.00 san oíche. Ní ligfeadh an náire dom t-léine gheal agus bríste gearr a chaitheamh ná dul amach faoi sholas Dé os comhair mhuintir na cathrach. 

Tá sé deacair an drogall seo a mhíniú ach is dóigh liom gur ceart plé a dhéanamh air, mar shamhlóinn gur mar sin a mhothaíonn go leor daoine nach bhfuil i daithí ar a bheith ag rith. An traenáil bheag a bhí déanta agam do rásanna eachtraíochta roimhe seo, ba i gConamara a rinne mé iad agus ba bheag an baol go gcasfaí duine eile orm ar an bportach. 

 Ó tharla mé i mo ghlantosaitheoir leis an rith bhóthair, bhí náire orm faoi mo stíl reathaíochta, mo chuid éadaí spóirt agus chun an fhírinne a rá, a amscaí is a bhreathnódh fear 193cm agus 110kg ag preabadh síos an bóthar. 

Ach de réir mar a lean mé orm ag rith (agus ag cur allais sna héadaí móra troma) méadaíodh ar mo mhisneach, agus faoin am a tháinig an samhradh geal agus an ghrian nach rachadh a chodladh go dtí 23.30 ní raibh náire ar bith orm mo bhríste gearr agus t-léine bhuí a chaitheamh agus an bóthar a bhualadh. 

Anois uireann mé orm mo chluasáin, roghnaím idir cheol agus chlosleabhar, agus déanann mé neamhaird ar an saol mór go dtí go mbíonn an t-aicsean déanta agam. 

Tá sé deacair éalú ón náire aisteach sin ar dtús ach nuair a bheidh sé curtha díot agat aireoidh tú seacht n-oiread níos fearr. 

Tá eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ag bailiú airgid ar son Chumann Ailse na hÉireann trí Mharatón New York a rith ag deireadh na bliana. Is féidir airgead a dheonú anseo

SCÉALTA EILE