Bhí breithlá ag duine de na cailíní an tseachtain seo agus bhí muid ar fad iontach tugtha dó, ar ndóigh. Bhí sí ag tabhairt leideanna dúinn le coicís anuas go raibh sí ag iarraidh seo agus siúd agus ag iarraidh dul amach ar na piontaí agus cibé eile agus bhí bronntanas iontach curtha le chéile againn di.
Tháinig an oíche faoi dheireadh agus bhuail muid ar fad le chéile i dteach tábhairne. Bhí an-chraic go deo againn inár suí ag an bheár ag caint is ag gáire le chéile. Ansin agus deireadh na hoíche ag tarraingt orainn, chuir fear a bhí ina shuí taobh thiar díom a lámh ar mo dhroim agus bhog sé isteach le rá, “Are you having a good night?” Bhí comhrá beag agam leis faoin oíche amach agus faoin áit arb as dom agus araile agus é ag cur a lámh ar mo dhroim achan uair ar labhair sé liom. Leis sin, thiontaigh mé ar ais chuig mo chairde agus lean muid orainn ag caint.
Chuala mé ansin é ag caint le mná óga eile a bhí in aice linn, “Are yous having a good night?” ar sé arís. Agus ar aghaidh leofa leis an chomhrá beagnach céanna a bhí agam leis. D’iarr siad air an as Gaillimh dó. “Ní as” a deir sé. “Cad chuige a bhfuil tú anseo mar sin?” ar siad. “Tá mé anseo fá choinne cás cuairte ar maidin,” ar sé, “is buachaill dána mé,” ar sé. Thiontaigh na mná óga ar a sála agus d’imigh siad leo isteach san oíche. Bhí giota beag eagla orm faoin am seo.
Ar ais chugamsa leis mar sin agus an iarraidh seo chuir sé a lámh ar mo sciathán ach sula raibh deis aige a dhath a rá dúirt mé, “Please don’t touch me,” agus thiontaigh mé ar ais chuig mo chairde. Bhí achan rud i gceart ansin ar feadh tamaill agus muid ag baint sult as an chuid dheireanach den oíche nuair a thit pionta ar an bheár in aice liom agus bhí mé clúdaithe le beoir. Mhothaigh mé nach timpiste a bhí anseo agus mar sin féin lig mé orm nár tharla sé. Dúirt mé liom féin go raibh mé paranóideach ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit pionta eile. An iarraidh seo thit an ghloine ar mo chathaoir agus bhris sé. Bhuail cuid den ghloine mé agus mhothaigh mé níos mó beorach ar mo sciorta ach, arís, lig mé orm féin nár tharla sé.
Ní fada ina dhiaidh sin gur chuala muid béic na ndaoine slándála agus leis sin d’imigh beagnach gach duine ón bheár. Sheas mo chara nua agus ag imeacht leis dúirt sé liom go feargach, “you should’ve been wearing that second pint too.”
Bhuail tonn eagla mé nuair a d’amharc mé sna súile air. Sheas muid féin agus shocraigh muid go rachadh duine eile amach ar dtús le bheith cinnte go raibh sé imithe agus nach raibh sé ag fanacht ansin taobh amuigh den bheár ag stánadh ar an doras. Dúirt mé le duine slándála cad a tharla agus ghlac sé mé féin agus mo chairde amach an cúldoras le nach bhfeicfeadh sé muid.
Bhain muid an teach amach agus bhí gach rud i gceart ar deireadh ach bhí fearg orm. Agus tá go fóill. Mhothaigh mé ar nós gur scrios mé breithlá mo charad agus bhí mé iontach ciontach mar gheall air sin ach labhair mé léi agus dúirt sí nach raibh an oíche scriosta mar gheall air seo. Ní deireadh an domhain é. Tá muid beo linn go fóill.
Ní hé seo an chéad uair a tharla seo agus tá mé cinnte go dtarlóidh sé arís. Ach tá mé bródúil gur sheas mé suas dom féin agus nár lig mé dó lámh a chur orm ná mo chuid ama a chur amú. B’fhearr i bhfad pionta Carlsberg caite orm ná a bheith ag éisteacht leis an chacamas a bhí le rá ag an leaid sin!