2 ghreim ghasta den scoth

Agus tú ag tabhairt aire do do chorp, bíonn sé deacair in amanna an cac a sheachaint.

Tá sé an-furasta dul i dtreo na mbrioscaí agus na milseán muna mbíonn aon rogha eile ann, mar sin is cleas maith é torthaí nó cnónna a choinneáil thart ar an teach agus san obair.

Bíonn greim gasta de dhíth go minic agus seo cúpla ceann eile a thaitníonn go mór liom.

Tá siad éasca, agus coinneoidh siad do ghnáth-aiste bia éagsúil agus suimiúil.

abhacad-tosta

1. Abhacád ar arán rósta

Tá sé seo maith am ar bith don lá.

Bain triall as le hubh scrofa nó scallta le haghaidh bricfeasta.

– Arán (donn ach go háirithe)
– ½ Abhacád
– 1 bsp Ola olóige
– 1 tsp Gairleog gearrtha
– 1 tsp Sillí gearrtha
– 1 tsp Salann mara
– ¼ Líomóide

Cuir gach rud seachas an t-arán isteach sa chumascóir agus measc le chéile iad.
Agus sin déanta, déan an t-arán a róstadh. Cuir an t-abhacád measctha ar bharr an aráin agus bain sult.

As an oideas seo gheobhaidh tú saill, frithoscaídeoirí, vitimín C, mianracha, carbaihiodráit.

humas

2. Humas agus arán leathan

Is féidir leat an greim gasta Arabach seo a choinneáil ar feadh seachtaine sa chuisneoir.

Déantar arán leathan (flat bread) taobh istigh de chúpla bomaite, úsáideach nuair a thagann ocras ort nó nuair a bhuaileann cairde cnag ar an doras.

Don humas:

– 200g Sicphiseánaigh
– 2 Clóbh Gairleoige
– ½ Líomóide
– 1 bsp Tahini
– 1 bsp Salann Mara
– 100ml Uisce
– Ola Olóige

Cuir gach rud le chéile, seachas an ola olóige, agus measc é sa chumascóir.

Cuir an ola isteach, lean ort leis an mheascadh, agus nuair atá cuma uachtair air, stop.

Is féidir humas a ithe le glasraí amha, brioscógaí (crackers) agus arán Gaelach chomh maith. Nó fiú leis féin mar anraith. (Magadh! Ná déan sin!)

aran-leathan

Don arán leathan:

– Plúr
– Uisce
– Salann
– Ola

Cuir braon salainn agus ola isteach ar dhornán nó dhó plúir.

Measc é agus cuir uisce leis go dtí go bhfuil taos agat le hobair leis.

Déan an rud a shíneadh amach cúpla uair agus déan liathróid as ina dhiaidh.

Lig dó suí ar feadh 20 bomaite (má bhíonn deifir ort, ná bac leis seo) agus roll amach é.

Caith an píosa taois rollta síos ar fhriochtán tirim.

Tiontaigh é tar éis bomaite nó dhó.

Beidh sé réidh nuair a bheas sé réidh.


Ar bhain tú triall as aon oideas dár gcuid go dtí seo? Abair linn conas a d’éirigh leat, nó seol grianghraf den mhias isteach chuig eolas [@] nos.ie

SCÉALTA EILE