Ag tús na seachtaine thug Aodh Ó Corcráin comhairle dúinn faoi na bealaí is fearr chun do shaol agus do shláinte a fheabhsú trí aiste bia atá maith, simplí agus éifeachtach a chleachtadh go laethúil.
Inniu tugann sé cúpla nod dúinn faoi conas ár nósanna bia a athrú agus na hathruithe itheacháin a mhol sé a chur i bhfeidhm.
1. Bunaigh gach béile ar thrí ábhar
Is minic a dhéanann daoine iarracht mias ró-chasta a chur le chéile, nó nach mbacann siad le cócaireacht ar chor ar bith mar go síleann siad go bhfuil an iomarca oibre ag baint leis. Ach coinnigh simplí é agus ní rachaidh tú ar strae.
Mar shampla, déan muiceoil le hubh agus cál. Cearc le brocailí agus gairleog. Cóilis le bainne agus cáis. Scadán le him agus arán baile.
Éasca péasca.
2. Déan cúpla béile ag an aon am amháin
Má bhíonn tú faoi bhrú ama go rialta, is féidir cúpla béile a ullmhú le chéile.
Ciallaíonn sé sin nach ngéillfidh tú do bhia beagmhaitheasa nó próiseáilte nuair a bhíonn deifir ort. Agus tabhair leat do bhia féin chun oibre gach lá.
An rud is tábhachtaí nó go mbíonn tú ag ithe go sláintiúil agus go minic.
3. Cuir fáilte roimh chairde ithe leat
Roinn bia agus bunaigh cuid den saol sóisialta thart ar an tábla.
Bunaigh ‘grúpa goile’, nó cumann gastranamaíochta, labhair faoi bhia, cuir ceist ar do thuismitheoirí agus do chairde faoi, tóg caidreamh leis na siopadóirí áitiúla, déan cultúr as.
Bain sult as gach rud a itheann tú. Bain sult as blasanna, uigeacht agus bolaithe éagsúla.
4. Déan dearmad ar ‘cheat days’
Cothaíonn ‘laethanta as’ an smaoineamh go bhfuil rud éigin níos deise ann ná bia sláintiúil agus gur íobairt é. Ní hé, seo bia maith blasta, ó thalamh do thíre féin. Bain sult as, déan turgnamh leis, níl rud ar bith eile de dhíth.
Seo bia s’againn, bia na nGael – déanfaidh muid ceiliúradh air!
Grianghraif le Wendell agus Monika Clarke, Flickr