Aoife sa Chistin: Donnóga seacláide le him piseanna talún

Na Comhábhair

115g im
230g seacláid dhorcha
150g siúcra bán
50g siúcra donn
3 ubh
1 sp. leafaos fanaile 
80g plúr
20g púdar cócó
½ sp. salann
75g sliseanna seacláide báine

Stán bácála (9×9 orlach)

Teocht an oighinn – 180ºC

Bíodh pota uisce te ar siúl íseal ar an sorn. Leáigh an t-im agus an tseacláid in airde ar an bpota.

Líonadh im piseanna talún:

Measc comhábhair an líonta i bpróiseálaí bídh. Beidh an meascán breá tiubh ar nós taosráin. Cuir ar leataobh é.

Measc an siúcra agus na huibheacha i bpróiseálaí bídh. Cuir an t-im agus an tseacláid leis. Cuir an fanaile, an plúr, púdar cócó agus an salann leis an meascán. Ná bíodh aon chnapáin sa mheascán.  

Cuir leath an mheascáin seo isteach i stán bácála (9×9 orlaí)

Scaip an líonadh timpeall ar an meascán le do lámha. Cuir an leath eile den mheascán in airde ar seo. Scaip sliseanna seacláide báine in airde ar an ndonnóg. Cuir an císte isteach san oigheann go ceann 35/40 nóiméad. 

SCÉALTA EILE