A ghrá mo chroí (bó)

Tá droch-chlú ar chonamar (offal) anseo in Éirinn.

Is dócha nach amhlaidh a bhí sé riamh mar go bhfuil sé measartha mór i measc daoine níos sine agus is féidir é a cheannach i ngach siopa búistéara sa tír.

Más é go mbaineann sé le droch-chuimhní cócaireachta na hóige nó le smál an bhochtanais, seachnaítear an conamar bocht go minic.

Ach, mar atá a fhios againn a chairde Gael, ní sin mar a chaitheas sé bheith.

Agus tú i mbialann snasta sa Fhrainc nó margadh áitiúil san Iaráin, beidh conamar ar fáil agus muintir na háite dá mholadh go hard.

Seo daoibh dornán oideas le triail a bhaint as an mhiodamas… bíodh misneach agaibh!


Eagaois (gizzard) lachain

eagaois

Is deacair iad seo a fháil in Éirinn ach is féidir iad a cheannach ar líne nó nuair atá tú ar saoire ar mhór-roinn na hEorpa.

Díreach déan iad a ghríoscadh ar feadh tamaill agus cuir iad leis an sailéad seo:

Duilleogaí leitíse, crouton, lárdain, ubh bhruite, prátaí úra (gearrtha agus friochta le him), gallchnónna agus trátaí.

Béile den scoth!


Duáin uain

duain-uain

Déan meascán beag de phlúr, piobar dubh agus salann, agus clúdaigh na duáin leis.

Téigh friochtán le him agus mustard.

Caith na duáin isteach chun iad a fhriochadh iad ar feadh 6-10 bomaite.

Nuair atá siad réidh, bain amach iad agus cur braon beag fíona, beorach nó uisce isteach sa fhriochtán agus é deas te.

Measc thart é chun anlann a dhéanamh agus ith na duáin bhlasta seo le harán rósta.


Croí mairteola

croi-mairteola

Déan oinniúin agus gairleog a fhriochadh i bpota le hola olóige ar theas íseal.

Cuir chorizo leis agus lig dó ar feadh 5 bomaite.

Anois, ardaigh an teas rud beag agus cuir an croí isteach leis.

Nuair atá dath donn air, cuir fíon nó stoc isteach ann agus coinnigh san oigheann é ar feadh 1-2 uair 180C.

Bíodh seo agat le brúitín.


Ae uain

ae

Frioch oinniún dearg ar theas íseal.

Cuir gairleog, cuimín agus sillí isteach ann.

Anois faigh an t-ae agus déan é a fhriochadh ar feadh 5 bomaite.

Ag an am céanna cuir oráiste isteach chomh maith agus ansin le nóiméad amháin fágtha, doirt braon beag fínéagair cheirtlise isteach ann.

D’fhéadfá duilleogaí de chineál éigin a chuir leis… blasta!

SCÉALTA EILE