Agus é luaite le fada ar liosta na sárbhianna, tá sé deimhnithe anois go mbeidh an chéad bhialann san Eoraip ag oscailt gan mhoill a dhíreoidh go huile is go hiomlán ar abhacáid.
Ó thús mhí Feabhra, beidh ár gcara beag blasta glas ag fáil aitheantais ar leibhéal úr, agus é mar phríomhchomhábhar na bialainne ‘The Avocado Show’ i gceantar De Pijp, Amstardam na hÍsiltíre.
Le huibheacha na maidine, ceapairí, sailéid nó súnna, bíonn an-tóir ar an toradh seo, i measc lucht sláinte go háirithe, mar gheall ar na geireacha sláintiúla, na vitimíní, na frithocsaídeoirí agus cothaithigh eile atá ar fáil ann.
Idir píotsa abhacáid, cáca bricfeasta agus bonnóg burgair abhacáid, is cosúil go gcuirfear biachlár samhlaíoch i láthair na gcustaiméirí, más léiriú iad na híomhánna a seoladh ar chuntas Intagram na bialainne ar na mallaibh.
Tá an ‘Seó Abhacáid’ seo anois i measc na mbialanna eile ar domhan a dhíríonn ar chineál amháin bia, mar atá bialann ‘Tayto’ i mBaile Átha Cliath agus ‘An Caife Arán Rósta’ in San Francisco.
Tá muid ag déanamh go mbeadh an-ráth ar ‘Caife na hUibhe’ fosta dá mbeadh fonn ar éinne tabhairt faoi.