An é seo an barra seacláide is fearr riamh?


Níl rud ar bith níos fearr ná an t-am sin den lá nuair a bhíonn deis agat na cosa a chur in airde, an citeal a chur síos agus an barra seacláide is ansa leat a fháil amach as an chófra.

Ar ndóigh, ní bheadh ag an ghnáthduine ach barra áirithe amháin, ach cad é a dhéanfá dá mbeadh SEACHT mbarra éagsúla le blaiseadh in aon cheann amháin?

Smaoineamh aisteach, ach réabhlóideach, a déarfadh go leor – ach sin go díreach an rud atá déanta ag Cadbury’s lena Dairy Milk Spectacular 7.

seaclaid-2

Sa bharra speisialta seo tá Dairy Milk é féin, Caramel, Whole Nut, Fruit & Nut, Turkish Delight, Oreo agus Daim, fiú – rud a chuirfeadh deireadh le haon lorg den ocras!

An drochscéal, áfach?

Go dtí seo níl sé i gceist ag Cadbury’s ach 50 barra a dhéanamh, agus iad a thabairt amach mar dhuais i gcomórtas Twitter!

Tá muid i ndóchas go mbeidh go leor tóra orthu go gcuirfear ar díol iad gach áit, mar a rinne Tayto lena mbarraí speisialta seacláide cúpla bliain ó shin.

Cá bhfios?!

SCÉALTA EILE