An fiú aiste chothrom bia muna gcaitheann muid go cothrom linn féin?

Próitéin, carbaihiodráit agus saill. Blah, blah, blah… aiste chothrom bia? An rud nach bhfuil cothrom ná nach dtig liom seacláid a ithe don bhricfeasta!

Ní iarracht mhór í mearbhia a fháil gan an teach a fhágáil fiú agus le buifé digiteach inár bpócaí gan stad gan staonadh, ní thiocfadh le daoine a bheith gaibhte béilí a dhéanamh agus aiste chothrom bia a leanstan. Nós maireachtála, páistí, easpa suime, tá an iliomad fáthanna ann.

Mar sin, cén bealach a mbaineann muid sult as an tsaol mar aon le haiste chothrom bia a chothú.

Is éard atá i gceist le haiste chothrom bia ná éagsúlacht sna cineálacha bia a itear ionas go bhfaightear go leor cothaitheach. Ciallaíonn seo gur chóir aiste bia a a leanstan ina gcuimsítear próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, vitimíní, mianraí agus uisce.

Moltar 45-65% den bhéile a dhéanamh de charbaihiodráit, 20-35% de shaill, agus 10-35% de phróitéin. Ach, mata? Chun rudaí a dhéanamh i bhfad níos fusa dúinn, bris anuas ina sciartha é.

Cúig sciar glasraí ar a laghad, 3-4 sciar carbaihiodráite, 2-3 sciar próitéine, agus 2-3 sciar déirí nó táirge eile achan lá.

Cothromaíocht saoil atá faoi chaibidil againn inniu áfach. Tá sé ar dóigh aiste chothrom bia a bheith againn ach tá saol sóisialta de dhíth orainn fosta. Is fearr ár n-aiste bia féin a chruthú mar sin. Tá próitéin in Guinness nach bhfuil?

Féadann muid smacht a choinneáil ar an aiste bia gan a bheith dár gcéasadh féin ag an am chéanna. Má thógann muid go leor próitéine agus mianraí in achan bhéile, d’fhéadfadh muid cúpla rud “olc” a bheith againn anseo is ansiúd.

Ní leor aiste chothrom bia má chaitheann muid linn féin go héagothrom. Ith an sicín agus an rís agus déan caoineog de thorthaí trópaiceacha ach bíodh an cúpla briosca sin agat fosta. Scrobh na sé huibhe ach tóg mála milseán dá mba mhaith leat. An t-aon riail ná go leanann tú leis. Bíodh an pléisiúr agat ach ná tit as an chonair go huile is go hiomlán.

Raight, ar ais go dtí an Guinness! Cén bealach ar féidir linn aiste chothrom bia a bhuanú agus deoch nó béile amuigh a bheith againn? 

An deacracht a bhíonn ag daoine ná nach bhfaigheann siad go leor próitéine, torthaí agus glasraí. Más rud é go bhfuil tú ag dul amach ag an deireadh seachtaine, déan cinnte de go n-itheann tú go leor próitéine agus glasraí an mhaidin sin. Má líonann tú thú féin le cothaithigh ag tús an lae, is féidir lear mór macrachothaitheach eile a fháil ón bhéile amuigh nó… alcól fiú. Seans maith nach bhfuil torthaí nó glasraí i bpionta ach tá cothaithigh de chineál éigin ann!

SCÉALTA EILE