Tá caifé Gaelach Bhéal Feirste, An Lon Dubh, ar oscailt arís agus srianta in aghaidh an víris chorónaigh maolaithe sa chathair. Osclaíodh an caifé Gaelach in íochtar cheannáras Raidió Fáilte beagán le cois dhá bhliain ó shin agus bhí an-éileamh ag pobal na Gaeilge sa chathair air.
Dála na ngnólachtaí eile ar fud na hÉireann, b’éigean an caifé a dhúnadh ar feadh tréimhse fada i mbliana agus anuraidh mar gheall ar na srianta a tugadh isteach in aghaidh an víris chorónaigh.
Osclaíodh an caifé don phobal arís inniu den chéad uair le tamall fada, idir 10.00 agus 16.00. Beidh an caifé ar oscailt ar an Aoine agus an Satharn gach seachtain go dtí go bhfógrófar a mhalairt.