An Lon Dubh os cionn Loch Lao
Caifé nua Gaelach do Bhéal Feirste

Osclaíodh caifé nua Gaelach i mBéal Feirste ag tús na seachtaine agus tá tóir mhór air ó shin. Tá ‘An Lon Dubh’ lonnaithe i bhfoirgneamh nua Raidió Fáilte ag bun Bhóthar na bhFál in iarthar na cathrach agus tá an caifé oscailte do lucht an stáisiúin agus do mhórphobal Bhéal Feirste chomh maith.

Dúirt bainisteoir an Loin Dhuibh, Róisín Nic Aibhistín, le NÓS go bhfuil súil aici “bia folláin agus sláintiúil” a chur ar fáil do mhuintir Bhéal Feirste ina caifé nua.

“Chaith mé cúpla mí ag déanamh taighde ar chomhlachtaí tae agus caife, agus bhí anc omhlacht Suki, atá lonnaithe anseo i mBéal Feirste, sásta Gaeilge a chur ar an gcomharthaíocht agus ar na lipéid atá acu dúinn, agus is comhlacht iad atá cúramach faoin domhan timpeall orthu fosta.

“Tá súil againn bia atá folláin agus sláintiúil a bheith againn anseo agus an rogha sin a thabhairt do dhaoine in iarthar Bhéal Feirste. Ní bheidh cistin anseo agus beidh tae agus caife ann, chomh maith le brachán, cácaí milse, agus bia eile nach gá a chócaireacht. Beidh roghanna gan ghlútan agus gan bánbhia ann, agus leagfar béim ar tháirgí as Béal Feirste féin,” a dúirt Róisín.

Ar na roghanna sin, beidh ceapairí agus anraithí chomh maith le béilí veigeánacha agus deochanna atá saor ó cheimicí agus siúcra. Dúirt Róisín go bhfuil sé i gceist ag an Lon Dubh an spás atá taobh amuigh den chaifé a fhorbairt amach anseo agus glasraí, torthaí agus luibheanna a fhás ann le húsáid i dtáirgí an chaifé.

Luadh ag seoladh fhoirgneamh nua Raidió Fáilte an mhí seo caite go bhféadfadh gairdín a fhorbairt taobh amuigh den fhoirgneamh a bheadh á choinneáil ag grúpaí óige nó grúpaí eile pobail as an áit.

Tá spás do suas le 40 duine sa chaifé agus beidh tuilleadh spáis ann nuair a bhíonn an aimsir bhreá ann agus suíocháin ar an bpaitió beag taobh amuigh de. Tá súil ag Róisín ceoltóirí ó chian agus chóngar a mhealladh chun an chaifé freisin le húsáid a bhaint as an spás breá atá i bhfoirgneamh Raidió Fáilte agus ceolchoirmeacha beaga a reáchtáil ann.

Tá An Lon Dubh ar oscailte anois, idir 8.30 agus 17.30 in Áras Raidió Fáilte in iarthar Bhéal Feirste.