Ó tharla gur ag caint ar phíotsaí a bhí muid ní ba luaithe, tá muid ag dul a fhanacht leis an téama céanna, ach pizza de dhéantús baile atá i gceist an babhta seo. Insíonn an cócaire Aodh Ó Corcráin dúinn conas píotsa a dhéanamh ar fhriochtán, sea, friochtán.
Tá mise breá cleachta le bheith ag déanamh pizza le fada an lá.
I mbialann, don teaghlach, ag 4 a chlog ar maidin do 20 meisceoir… tá go leor taithí agam.
Ach pizza a dhéanamh i bhfriochtán?
Níor thriail mé ariamh é.
Tarlaíonn sé áfach gur seo an pizza is fearr dá ndearnadh mé ariamh sa teach agus an rud is cóngaraí do phíotsa as oigheann ceart pizza go dtí seo.
Molaim go mór é i ngach cás; don teaghlach, do do chailín/buachaill (nó don bheirt acu!) agus ag 4rn ar maidin ag cóisir tí.
An taos:
– Plúr
– Giosta
– Uisce alathe
– Salann
An barr:
– Pasata trátaí
– Cáis
– Ológa (nó cibé eile)
– Duilleogaí
An t-oideas:
Cuir plúr, giosta agus rud beag salainn isteach i mbabhla le chéile.
Faigh crúiscín uisce alathe agus doirt isteach é, á mheascadh de réir a chéile.
Nuair a thagann sé le chéile go deas mín, gan aon scoilt ann agus é measartha fliuch, déan liathróid leis agus fág é sa bhabhla ar feadh uair an cloig, nó go dtí go n-éiríonn sé dhá oiread níos mó.
Tar éis uaire nó mar sin, bain an t-aer amach as agus scar an taos i bpíosaí níos lú.
Roll amach iad seo go dtí go bhfuil siad caol agus ina suí go compordach sa fhriochtán.
Cuir isteach i bhfriochtán te agus tirim é.
Nuair a fheiceann tú boilgeoga ag teacht amach fríd an taos, cuir an sú trátaí, cáis agus cibé eile ar mhaith leat ar a bharr.
Cuir faoin ghríoscán é go dtí go bhfuil sé brioscánach ar an bharr.
Bain amach é agus oirnéal é le duilleogaí más maith leat.
Agus sin mar a dhéanann tú pizza den scoth sa bhaile agus ar bheagán dua!