An tortilla de patatas foirfe!

Aodh Ó Corcráin ina chónaí i dtuaisceart Thír na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gníomhaíochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. Inniu is uibheagán prátaí atá ar an bhiachlár!


Scríobh mé alt don iris seo cheana inar chuir mé síos ar an dóigh le Tortilla de Patatas (nó Uibheagán Spáinneach) ‘díthogtha’ a dhéanamh.

Oideas suimiúil a bhí ann go cinnte ach, le cúpla mí anuas, tá mé ag foghlaim ó na Bascaigh caidé an dóigh is fearr chun ceann a thógáil.

Deirtear liom gur rud iontach furasta é tortilla de patata a dhéanamh, ach rud iontach deacair atá ann é a dhéanamh mar is ceart.

Ar an tseachtain seo a chuaigh thart, áfach, fuair mé moladh den scoth ó bhean de chuid na háite a spreag mé chun mo chuid cleasannaí a roinnt libh go mbeadh sibh féin ábalta é a dhéanamh sa bhaile.

Tosaigh leis na bunábhair:

– Oinniúin
– Prátaí
– Uibheacha

Tá sé tábhachtach go bhfaigheann tú na prátaí ceart – a leithéid Maris Piper, nó rud éigin a bheadh maith don bhrúitín.



Gearr iad ina bpíosa beaga, chan níos mó ná 3cm.

Déan iad a fhriochadh chomh mall agus is féidir, iomlán clúdaithe in ola.

Déan cinnte go bhfuil go leor agat chun an friochtán a líonadh.

Ag an am céanna déan oinniún iomlán a ghearradh chomh mion agus is féidir leat agus é a fhriochadh san ola chomh maith.

Ba cheart go nglacfadh sé 30 bomaite lena chócaireacht.

Bris agus measc na huibheacha.

Cuir na prátaí agus oinniún te isteach leis na huibheacha i mbabhla agus measc iad le chéile.

Déanfaidh seo na huibheacha a chócaireacht rud beag.

Ba cheart go mbeadh an meascán ar nós meascán do cháca milis – tiubh, leis na prátaí ag briseadh as a chéile agus ag meascadh leis na huibheacha.

Cuir teas leis an fhriochtán agus caith an meascán isteach.

Ba cheart go líonfaí go barr é.

Uair amhain agus atá an bun de déanta (thart ar bhomaite nó dhó), úsáid pláta chun an rud a chasadh thart agus sleamhnaigh an barr isteach ar bhun an fhriochtáin.

Lig dó bomaite eile agus bain as an teas é.

Mas rud é go bhfuil sé déanta mar is ceart agat, beidh sé cineál uisciúil taobh istigh.

tortilla_bascach


Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.

SCÉALTA EILE