Ní raibh a leithéid do rud is pasta i m’thigse puinn agus mé im’ ghearrchaille óg. Ba í Nain go mbíodh an dinnéar ullamh aici dom tar éis scoile agus feoil a bhíodh formhór na haon lá againn. Feoil, prátaí agus glasraí. Is cuimhin liom an bagún a bheiríodh Nain sa phota, in éineacht leis an gcabáiste, an tornapa agus na carrots. D’íosainnse an builín a bhíodh ar an mbagún, nó an “feait”, mar a thugadh Nain agus Gag air, amach as mo láimh.
Bhíodh clab go cluasa orm á dh’ithe. Agus mé á shamhlú san anois, cuireann sé casadh aigne orm.
Conas a chuas ó bheith ag ithe feola na haon lá go dtí a bheith i mo veigeán don tarna nó don tríú babhta i mo shaol?
Pianta i mo ghoile, ar nós na haon mhac máthar eile, cad eile! Bhíos i mo veigeán timpeall ar dhá bhliain ó shin ar feadh tréimhse agus ní bhraitheas riamh chomh maith i mo shaol is a bhraitheas an uair sin. Bhí gléas i mo chraiceann agus bhíos chomh sláintiúil ag féachaint. Bhíos lán go barra d’fhuinneamh agus bhíos ag ithe ualach. Thóg sé ana-chuid ama agus chaitheas ana-chuid airgid leis ach b’fhiú go mór é.
An babhta seo, táim i mo veigeán faoi stiúir beirt fhear. Cúpla. Cúpla cáiliúil. Sea, tá’n ceart agat, David agus Stephen Flynn, nó The Happy Pear, mar is fearr aithne orthu.
Chonac fógra cúpla babhta ar Facebook do chúrsa dá gcuid “The Happy Gut” agus bheartaíos scaoileadh faoi.
Níl aon chead aon ní a thagann ó ainmhithe a ithe ar feadh tréimhse sé seachtaine. Ní hamháin san ach tá an cúrsa bunaithe ar do ghoile a neartú agus na baictéir mhaithe atá istigh ann a mhéadú.
Cothaítear an goile trí bhainistiú a dhéanamh ar FODMAPS, mar a thugtar orthu, agus iad a thabhairt isteach san aiste bídh, ceann ar cheann, seachtain ar sheachtain, ar feadh tréimhse sé seachtaine.
Carbaihiodráití is ea na FODMAPS, a fhaightear i mbianna éagsúla. Tá cuid acu deacair le díleá, agus cuid eile ná fuil, go mór mhór de gheit nuair ná fuil ach iad á n-ithe agat i ndáiríre. Creid é nó ná creid, tá oinniúin agus gairleog cruaidh ar an mbolg.
Faoi láthair, táim tosnaithe ar sheachtain a trí agus déanta na fírinne, braithim go diail ar fad. Níl aon phian gur fiú trácht air i mo bholg. B’fhiú d’éinne é a thriailt.
Chomh maith leis na “Piorraí Sásta”, tá diaitéiteach agus gaistreintreolaí sáite sa chúrsa agus comhairle á dtabhairt acu dúinn gach lá ar leathanach príobháideach Facebook agus trí ríomhphostanna leanúnacha.
Má bhraitheann tú go bhfuil pian i do bholg, pian sna cnámha, nó pian in aon áit, ba bhreá liom a fháil amach an dtabharfá faoina leithéid d’aiste bia ar feadh tamaill. Triail é. Níl i ngach ní ach seal agus cad atá níos tábhachtaí ná do shláinte féin?