Anraith iontach nach gcuirfidh isteach ort

Tá sé fíor-éasca anraith a dhéanamh.

Don chuid is mó, níl ann ach na comhábhair a chur i bpota mór, iad a fhágáil ar feadh píosa agus é ar fad a mheascadh le chéile le cumascóir.

Nuair atá ailléirge déirí nó cruithneachta agat bíonn sé deacair anraith atá oiriúnach duit a fháil.

Úsáideann an-chuid comhlachtaí bainne nó uachtar iontu agus is minic a úsáidtear plúr chun an anraith a dhéanamh níos tibhe.

Bíonn sé níos fusa é a dhéanamh tú féin agus mar sin seo oideas an-bhlasta – gan aon táirgí déiríochta nó cruithneachta ann – ach a líonfaidh suas tú ar nós béile mór


lintili

Anraith prátaí milse agus lintilí

Déanfaidh tú go leor i gcomhair ceathrar as na comhábhair seo. Mairfidh sé suas go 3 mhí sa réiteoir.

– Ola olóige
– 3 ionga gairleoige, mionghearrtha
– Oinniún amháin, mionghearrtha
– 3 taespúnóg lintilí tirime
– 2 phráta milis, mionghearrtha agus gan chraiceann
– 800g nó 2 channa trátaí mionghearrtha
– 1200ml stoc glasraí
– 3 taespúnóg púdar curaí
– 1 taespúnóg sinséar fréimhe úr grátáilte
– 1 taespúnóg salainn

Tá sáspan mór ag teastáil.

Cuir an ghairleog, an t-oinniún, an púdar curaí agus an sinséar fréimhe sa phota ar theas íseal le píosa beag ola agus lig dóibh cócaireacht le chéile go dtí go bhfuil boladh deas uathu.

Ansin, cuir na lintilí, na prátaí milse, na trátaí agus an stoc isteach.

Fág é, ar theas íseal, ar feadh 30 nóiméad.

Ansin, úsáid cumascóir len é ar fad a mheascadh le chéile agus tá sé réidh le hithe.

prata-milis

Cén buntáiste a bhaineann leis?

Tá prátaí milse go maith do dhaoine nach n-itheann déirí nó cruithneacht toisc go bhfuil cailciam agus iarann iontu.

Is dhá mhianra iad sin a bhíonn in easnamh i mbéilí na haiste bia seo.

Cabhraíonn cailciam go mór le cnámha agus fiacla láidre a fhás.

Tá sé an-tábhachtach do pháistí agus mná atá ag súil.

Bíonn tú an-tuirseach muna mbíonn go leor iarainn agat.

Tá snáithín i bprátaí milse freisin, carbaihiodráit a bhíonn in easnamh go minic chomh maith.

Agus ar ndóigh is comhábhar iontach éasca le réiteach é an práta. Tá neart bealaí ann gur féidir é a dhéanamh – rósta, brúitín nó mar sceallóga.

Ó thaobh na lintilí de, tá siad lán snáithín, iarainn agus cailciam.

Tá siad saor go leor atá agus tá an-chuid cineálacha difriúla ar fáil.

Téann siad le neart bia eile: Bíonn siad deas ar an taobh le glasraí, feoil nó iasc agus cuireann siad go leor le stobhaigh agus, go deimhin, anraithí ar nós an chinn bhlasta seo.

SCÉALTA EILE