Na comhábhair
1 puimcín imchnó, gearrtha ina dhá leath
2 bsp íle olóige
8 craobhóg tíme
2 cairéad
½ tsp síolta finéil
½ tsp sillí tirime
1 oinniún, gearrtha
4 clóbh gairleoige
750ml stoc sicín nó glasraí
2 bsp crème fraiche nó uachtar
Croutons
75g parmesan, fé ghráta
75g im, bogtha
3 craobhóg tíme
½ bollóg taos géar
½ tsp fínéal (luibh) gearrtha go mín
½ tsp sillí tirime
Teocht an oighinn 220c/200 feanoigheann/Gásmharc 7.
Gearr an puimcín ina dhá leath. Gearr an oinniún agus na cairéid. Clúdaigh na clóibh ghairleoige le scragall stáin. Cuir i stán bácala iad le dhá bhordspúnóg íle agus na craobhóga tíme. Scaip na síolta fínéil agus sillí in airde ar na glasraí. Cuir an t-iomlán isteach san oigheann ar feadh 30 nóiméad.
Na croutons
Measc an parmesan, an t-im, an tím, an finéal agus an sillí i mbabhla. Scaip an meascán ime ar thaobh amháin den arán agus fág i leataobh é.
Tóg amach na glasraí agus cuir isteach na croutons ar feadh 8 nóiméad.
Bain an gas desna craobhóga tíme agus cuir isteach i bpota iad. Bain amach na síolta puimcín agus caith amach iad. Bain an fheoil den chraiceann puimcín agus isteach leis sa phota leis an tím. Ansan caith isteach na glasraí eile. Doirt isteach an stoc agus bris suas le cumasóir láimhe. Blaistigh le salann agus piobar.
Riaradh
Roinn an t-anraith i gceithre bhabhla. Doirt ábhar crème fraiche agus sillí tirim in airde ar an anraith. Riar an t-anraith le na croutons.