Aoife sa Chistin: Arán Gráin

Na comhábhair

500g plúr gráin
1tsp giosta trimithe nó 1 mála giosta (7g)
1tsp siúcra nó mil
1tsp salann
325ml uisce bog
1bsp íle
Íle don stán bácála

1 Stán aráin

Oigheann ag 220°.

Cuimil íle ar an stán bácála. Líon crúiscín le 325ml uisce bog. Measc an giosta agus an siúcra leis an uisce bog. Fág go ceann 10 nóiméad go dtí go mbeidh cuma piúnt pórtair air! 

Measc an plúr, an salann agus an íle le chéile i mbabhla. Caith isteach an meascán giosta agus measc le chéile é. Fuin le do lámha go ceann 10 nóiméad. (Is féidir proiseálaí bídh a úsáid chun an cúram a dhéanamh níos tapúla).

Cuir an taos thar n-ais sa bhabhla, clúdaigh le tuáille agus fág é go ceann uair a chloig ar a laghad go dtí go n-ardaíonn sé. Tabhair dorn dó agus fuin go ceann nóiméad eile. 

Isteach sa stán bácála leis agus lig dó ardú go ceann 10 nóiméad eile. Gearr scoilt bheag tríd an arán. Cuir isteach san oigheann é go ceann 35 nóiméad. Bain amach as an stán bácála agus cuir isteach san oigheann aríst é go ceann 5 nóiméad eile. 

SCÉALTA EILE