Na comhábhair:
500g plúr speilte
1 tsp salann
1 spbh íle olóige
300ml uisce bog
1 mhála giosta (7g)
1 tsp siúcra
Na treoracha:
Measc an t-uisce, an giosta agus an siúcra le chéile i mbabhla agus fág go ceann 10 nóiméad iad.
Cuir an plúr, an salann agus an íle isteach i bpróiseálaí bia. Ansan, cuir an leacht leis an meascán. Dein an t-iomlán a mheascadh suas sa phróiseálaí go ceann 10 nóiméad.
Aistrigh an taos isteach i mbabhla atá cuimilte le híle. Cuir an taos i leataobh in áit bhog go mbeidh sé éirithe go maith. Tógann an próiséis seo timpeall uair an chloig ar a laghad. Dein an taos a bhascadh chun an t-aer a fháil amach as.
Ansin, gearr suas an taos go mbeidh 16 bpíosa agat. Dein gach píosa a rolláil i bhfoirm piota.
Bíodh an t-oigheann ag 250°C agus dein na piotaí a bhácáil go ceann 2 nóiméad agus fág amuigh iad go mbeidh siad fuar.
Agus ansan tá arás deas piota agat!