Aoife sa Chistin: Bairín Breac

Na comhábhair

225g plúr
2tps púdar bácála
125g siúcra mín
1tsp mixed spice
375g torthaí tromaithe (rísíní, sultanas, sméara goji srl)
250ml tae 
50ml fuisce
1 ubh

Oigheann @ 170ºC 

Caith na torthaí isteach leis an tae agus fág i mbabhla go ceann uair an chloig ar a laghad. Dein na comhábhair thirime a mheá amach. Ansan, measc gach rud le chéile agus isteach san oigheann go ceann uair a chloig.

Lig don mbreac fuarú. Clúdaigh le scannán cumhdaithe (cling film) agus scragall stáin (tin foil) agus fág go ceann dhá lá.