Aoife sa Chistin: Boeuf Bourguignon

Na comhábhair

900g mairteoil stobhaigh (smutáin 5cm)
225g lardons nó bagún gearrtha go mín
100g muisiriún cnó capaill
3 bsp íle olóige
1 bsp plúr
425ml fíon dearg láidir (Bordeaux mar shampla)
2 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
2 craobhóg tíme
350g seallóid, gearrtha go mín
4 cairéad, gearrtha
4 cos soilire, gearrtha
1 brobh peirsil
Salann agus piobar

Oigheann @ 140c

Téigh 1 bsp íle i mias casaróil agus dathaigh na smutáin ar gach taobh diaidh ar ndiaidh ar theas ard. Tóg amach an fheoil dhaite agus fág ar leataobh í. Ansin, caith isteach na seallóidí agus an ghairleog sa mhias casaróil agus dein iad a chócaráil go ceann cúpla nóiméad.

Cuir an fheoil sa mhias casaróil arís agus cuir an plúr leis. Measc an meascán chun na súnna a shú isteach. Doirt an fíon isteach diaidh ar ndiaidh agus lean ort á mheascadh an t-am ar fad. Ansin, cuir na glasraí agus an tím leis an bhfeoil. Blaistigh an t-iomlán le salann agus piobar. Cuir an barra ar an mias casaróil agus dein an t-iomlán a chócaráil san oigheann go ceann dhá uair a chloig ag 140c.

Ansin, dein na muisiriúin agus na lardons a fhriochadh go raibh dath deas órga orthu. Cuir iad seo leis an meascán feola agus lean ort á chócaráil go ceann uair a chloig eile.

Riar an béile seo le prátaí agus peirsil.

SCÉALTA EILE