Na comhábhair:
100g siúcra
120g síoróip órga
50ml bainne
65g im
1/8 tsp salann
1 ½ tsp sínséar tirim
1 tsp ilspíosra
1 tsp sóid aráin
250g plúr
1 gealacán uibhe
125g siúcra reoáin
Dathúchán bia (roghnach)
Teocht an oighinn @ 200ºC.

Leáigh an t-im, an siúcra, an t-síoróip órgach agus an bainne i bpota. Lig dó fuarú tamaillín.
Criathraigh na comhábhair eile go léir isteach i mbabhla mór. Doirt isteach an meascán fliuch agus measc le chéile go mbeidh taos deas bog agat. Clúdaigh le scannán cumhdaithe é agus cuir isteach sa chuisneoir go ceann dhá uair a chloig.
Rolláil amach an taos go tiús 4mm. Gearr na brioscaí pé slí ar maith leat agus bácáil go ceann cúig go sé nóiméad é. Lig dos na brioscaí fuarú ar raca sreinge sula maiseoidh tú le reoán iad..
An reoán
Buail an gealacán go mbeidh cruacha boga agat. Cuir an siúcra reoáin leis agus lean ort á bhualadh go dtí go mbeidh cruacha breátha righne agat. Cuir braon den dathúchán bia leis an reoán. Líon suas mála leis an meascán agus maisigh na brioscaí.