Déanfaidh an t-oideas seo 24-32 cearnóg
An taosrán
100g siúcra reoáin
285g plúr
225g im
An barr
200g im leáite, gan salann más féidir
150g mil
60ml uachtar trom
50g siúcra donn
400g péacán, gearrtha go garbh
Teocht an oighinn @180c/Gasmharc 4
Líon stán bácála le páipéar gréiscdhíonach a bhfuil im air. Measc an siúcra agus an plúr le chéile i mbabhla. Ansan, cuimil isteach an t-im. Cuir an meascán isteach sa stán bácála. Bácáil go ceann 25 nóiméad nó go mbeidh dath órga mílítheach air.
Measc an t-im leáite leis an mil, uachtar agus siúcra donn. Corraigh isteach na péacáin agus leathaigh seo in airde ar an taosrán. Cuir thar n-ais isteach san oigheann é go ceann 25 nóiméad eile.
Lig don mhilseog a fhuarú sula ngearrann tú ina cearnóga í.
*Nóta: Is féidir gallchnónna a úsáid in ionad na bpéacán san oideas seo.