Aoife sa Chistin: Ceviche Muirín

Na comhábhair


75ml uisce
150g siúcra
½ tsp síolta mustaird
100g mealbhacán, gearrtha go mín
1cm sinséar, gearrtha go mín
1 líoma, sú amháin
6 muirín, feoil bhán amháin, gearrtha go mín
6 sliogán
Miontas, gearrtha go mín
12 sméar trátaí

Téigh an siúcra, an t-uisce agus an mustard i bpota go mbeidh an siúcra leáite. Lig don mheascán fuarú go ceann dhá uair an chloig. Caith isteach an mealbhacán, sinséar agus sú líoma leis an síoróip. 

Leag amach na sliogáin agus líon suas iad leis na muiríní. Blaistigh le blúire beag salainn. Cuir spúnóg den mheascán mealbhacáin agus sinséir in airde orthu. 

Maisigh le miontas agus trátaí.

SCÉALTA EILE