Na Comhábhair
100g calóga coirce
1tsp púdar bácála
1tsp mil nó síoróip mhailpe
1 craiceann oráiste
2 ubh
1 banana, gearrtha
Íle gan bhlas don stán
100g sméara dubha
Teocht an oighinn @180c/160c Fean oigheann/Gás 4
Cuir na calóga coirce isteach i bpróiseálaí bídh le blúire beag salainn. Bris an meascán go dtí go bhfuil sé ina phlúr agat. Cuir an púdar bácála, mil nó síoróip mhailpe, craiceann oráiste, uibheacha agus banana leis agus measc an t-iomlán go raibh sé deas mín.
Cuir íle ar stán bácála (timpeall 15cmx20cmx5cm) agus doirt an fuidreamh isteach ann. Caith isteach na sméara dubha agus dein iad a shá isteach sa bhfuidreamh. Bácáil an fuidreamh go ceann 35-40 nóiméad.
Doirt ábhar beag meala nó síoróip mhailpe in airde ar an gcíste agus riar é le huachtar reoite nó le hiógart.