Aoife sa Chistin: Colmóir le Dhal

Na Comhabhair

2 bsp Íle cócó nó íle olóige
2 oinniún gearrtha go mín
4 clóbh gairleoige brúite
1 tsp turmeric
1 tsp lus an choire brúite
1 tsp cuimín
1 tsp paiprice
1 tsp garam marsala 
1 bsp lus an choire (luibh)
300g lintilí dearga
780ml stoc glasraí nó sicín
240 bainne cócó 
Salann, piobar agus sú líoma

Téigh an íle i bpota. Cuir na hoinniúin isteach san íle agus cócaráil go ceann 2-3 nóiméad. Cuir an ghairleog agus an sinséar leis seo. Dein é a chócaráil go ceann nóiméad eile. Ansin, cuir na spíosraí leis seo agus lean ort á chócaráil faoi theas íseal. 

Glan lintilí le huisce fuar. Ansin, cuir na lintilí leis na hoinniúin srl. Doirt an stoc glasraí/sicín leis an meascán agus dein é a shuanbhruith go ceann 10 nóiméad nó go mbeidh an stoc ionsúite ag na lintilí. 

Doirt an bainne cócó isteach agus suanbhruith go ceann 10 nóiméad eile. (Má tá an meascán róthiubh, cuir a thuilleadh stoc glasraí nó bainne cócó leis go mbeidh raimhre mhín agat).

Blaistigh an dhal le salann, piobar, lus an choire agus sú líoma.

An Colmóir

Téigh friochtán go mbeidh sé breá te. Cuir íle isteach sa bhfriochtán. Bíodh salann curtha agat ar an gcolmóir ar dtús. Dein an t-iasc a chócaráil ansin leis angcraiceann ar an mbun ar dtús. Cas timpeall an colmóir agus lean ort á chócaráil go mbeidh dath deas órga air.

Dáileadh an bhéile

Cuir cnapán den dhal ar phláta. Ansin, cuir an colmóir in airde ar an dhal. Críochnaigh é le picil oinniúin nó picil chúcamair.

Is cócaire í Aoife Ní Chiobháin sa bhialann Solas i nDaingean Uí Chúis agus bíonn sí le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic.

SCÉALTA EILE