Aoife sa Chistin: Crème Brûlée Rúbarb

Na Comhábhair

400g rúbarb, gearrtha (2cm)
40g siúcra mín
25ml uisce

An custard
500ml uachtar

150g siúcra mín
1 bsp fanaile
3 ubh
5 bsp siúcra demerara
Mias bácála 20cm

Dein cócaráil ar an rúbarb, an siúcra agus an t-uisce i bpota go ceann 10 nóiméad ar theas deas íseal go dtí go mbeidh an an rúbarb bogtha. Caith isteach an t-iomlán sa mhias bácála agus lig dó fuarú.

Téigh an t-uachtar, an siúcra agus an fanaile i bpota. Dein suanbhruith ar an

meascán. Measc na huibheacha agus doirt isteach an meascán uachtair píosa

ar phíosa go mall. Doirt an t-iomlán thar n-ais isteach sa phota agus cócaráil ar teas deas íseal. Bí cinnte an custard an chorraí gan stop go ceann 8-10 nóiméad.

Cóiméad súil ghéar ar an teas nó beidh ubh scrofa agat!

Doirt an custard in airde ar an rúbarb agus lig do fuarú thar oíche sa chuisneoir.

Clúdaigh leis an siúcra demerara agus dein é a leá sa ghriolladh nó le shéidtoirse go dtí go mbeidh caramal deas agat! Neam neam!

SCÉALTA EILE