Aoife sa Chistin: Curaí glas, sicín, slá kimchi agus núdail ríse

Seo béile aoibhinn fuirist nach dtógann ach timpeall leathuair a chloig chun é a ullmhú. Mholfainn sicín saor-raoin nó orgánach a úsáid. 

Na Comhábhair

  • 8 gcos sicín
  • 2 bsp síolta seasamain
  • 2 bsp mil
  • Brobh raidis
  • 1 oinniún dearg
  • Brobh pak choi (cabáiste Síneach)
  • Brobh lus an choire
  • 1 sile
  • 2cm sinséar faoi ghráta
  • 2 líoma
  • Íle seasamain
  • 2cm sinséar faoi ghráta
  • 2 shile ghlasa
  • Brobh lus an choire
  • 4 chlóbh gairleoige
  • Brobh féir liomóidigh
  • Brobh scailliún
  • Íle seasamain
  • Stáin bainne cnó cócó
  • Anlann soighe
  • 200g pónairí glasa
  • 250g núdail ríse

An sicín

Cuir salann ar an sicín. Loisc an sicín ar an bhfriochtán. Ansin, ísligh an teocht, cas an sicín anois agus arís (18-20 nóiméad).

Slá kimchi

Gearr na glasraí agus na luibheanna le próiseálaí bia nó le scian. Cuir an sinséar faoi ghráta leis an meascán. Cuir sú líoma, blúire salainn agus íle seasamain leis. Blais an slá chun a chinntiú go bhfuil sé i gceart.

Thar n-ais go dtí an sicín

Dein deimhin de go bhfuil dath deas órga ar an sicín. Caith amach an tsaill.

An t-anlann curaí ghlais

Caith na comhábhair isteach i bpróiseálaí bia. Coimeád na pónairí glasa ar leataobh go fóillín. Cuir 1bsp íle seasamain agus 3 bsp íle olóige leis an meascán. Anois, ba cheart go mbeadh taos deas mín agat. Téigh an meascán i bpota le stáin bainne cnó coco. 

Na núdail ríse

Nuair a bheidh na núdail ríse déanta (10 nóiméad), sruthaigh le huisce fuar iad. Cuir thar n-ais sa phota iad agus cuir braoinín íle seasamain agus sú líoma leo.

An t-anlann curaí ghlais

Ag an deireadh, cuir na pónairí glasa, sú líoma agus anlann soighe leis an anlann curaí ghlais go dtí go mbíonn na pónairí déanta (cúpla nóiméad).

Thar n-ais go dtí an sicín

Doirt an mhil agus bsp anlann curaí in airde ar an sicín.

Chun boird

Roinn na núdail i gceithre bhabhla. Srathaigh an t-anlann, an sicín agus an slá kimchi in airde ar na núdail. Cuir blúire síolta seasamain agus scailliún leis na plátaí.

Bainíg súp as!

SCÉALTA EILE