Na comhábhair
3 bsp sú líomóide
3 bsp púdar sillí kasmiri nó paiprice
8 filléad cos sicín
An Mharanáid
200 ml iógairt
2 clóbh gairleoige, gearrtha go mín
2cm sinséir, fé ghráta
2 bsp cuimín, brúite
1 bsp feinigréag
1 tsp salann
An t-anlann
3 bsp íle
1 tsp síolta cuimín
3 sillí, gearrtha
90g ime
2 oinniún, gearrtha
2 clóbh gairleoige, brúite
2cm sinséir, fé ghráta
1 tsp tuirmiric
500ml passata
100ml uachtar
Brobh lus an choire, mar mhaisiú
Cuimil an sú líomóide, an púdar sillí nó paiprice, agus an salann leis an sicín. Cuir isteach sa chuisneoir é go ceann uair a chloig. Measc comhábhair na maranáide le chéile agus cuir leis an sicín é. Measc an sicín agus an mharanáid go maith le chéile agus fág sa chuisneoir go ceann dhá uair a chloig é. Cuir an sicín ar bhriogúin agus dein é a ghriolladh ar bheárbaiciú go ceann cúig nóiméad.

An t-anlann
Cócaráil na hoinniúin, an ghairleog agus an sinséar an-íseal (10 nóiméad). Cuir na spíosraí leis seo. Measc go maith. Ansin, cuir an t-im agus an passata leis. Cócaráil go ceann deich nóiméad é. Dein an t-anlann a chumasc. Cuir an sicín agus leath an uachtair leis an anlann agus lean ort á chócaráil go ceann cúig nóiméad. Cuir an curaí isteach i mias bhoird. Croith an t-uachtar ar an gcuraí agus maisigh an t-iomlán le lus an choire.

Bíodh rís, arán naan agus picil oinniún dearg agat leis an mbéile blasta seo!