Aoife sa Chistin: Enchiladas Sicín

Na Comhábhair

Anlann Enchiladas
1 oinniún, gearrtha go mín
1 bsp íle olóige
1 clóbh gairleoige, brúite
1 tsp paiprice, daite
1 tsp oragán tirim
1 tsp púdar sillí
½ tsp púdar cuimín
500g passata
1 bsp siúcra donn
1 bsp fínéagar
Salann agus piobar

Na hEnchiladas
2 oinniún, gearrtha i sliosanna
1 Piobar dearg, gearrtha i sliosanna
1 Piobar buí, gearrtha i slisní
3 bsp íle
2 clóbh gairleoige, brúite
1 sillí dearg, síolta bainte as agus gearrtha go mín
4 filléad sicín, gearrtha ina slisní
400g nó 1 stán pónairí duanacha
8 tortilla
100g cáis ghrátáilte

An Riaradh 
4 scailliúin
2 bsp lus an choire, gearrtha go mín
1 abhacád, brúite
1 líoma
150ml uachtar géar

Anlann Enchiladas

Cuir an t-oinniún isteach i bpota le híle olóige. Dein é a cócaráil deas íseal go ceann seacht nó ocht nóiméad. Cuir an ghairleog bhrúite leis agus lean ort ag cócaráil go ceann nóiméad eile. Ansan, cuir na spíosraí leis an meascán agus fág fén dteas é go ceann 30 soicind eile. Cuir an passata, an siúcra donn agus an fínéagar leis. Blaistigh le salann. Lean ort á chócaráil go ceann 20 nóiméad eile. Bain den dteas é agus dein é chumasc go dtí go mbeidh an meascán deas mín. Teas an oighinn: 190°F/170°C Gás 5.

Na hEnchiladas

Téigh íle i bhfriochtán mór. Cuir isteach na hoinniúin agus na piobair agus cócaráil go ceann trí nóiméad. Caith isteach an ghairleog agus an sillí agus fág fén dteas go ceann 30 soicind. Tóg amach as an bhfriochtáin é agus fág ar leataobh é. Dein an sicín a chócaráil go mbeidh dath deas órga air. Cuir na hoinniúin agus na piobair leis an sicín. Caith isteach leath an anlainn enchilada agus na pónairí duanacha. Blaistigh le salann agus lean ort á chócaráil go ceann nóiméad eile.

Líon na tortillas leis an meascán agus déin iad a rolláil deas néata. Cuir isteach na tortillas i mias oighinn agus leath an chuid eile den anlann enchilada in airde orthu. Scaip an cháis in airde ar na tortillas. Fág san oigheann go ceann 20 nóimead. Riar le scailliúin, lus an choire, abhacád brúite, uachtar géar agus líoma.

SCÉALTA EILE