Na comhábhair:
140g seacláid (60% cócó)
110g im
3 ubh
60g siúcra
125g plúr
4 raimicín
200g siúcra
90g im
120ml uachtar
1 tsp salann
Teocht an oighinn @ 200ºC. Cuimil im laistigh de na raimicíní.
Leáigh tseacláid agus an t-im. Chomh luath is atá an tseacláid leáite agat, bain den dteas é. Dein na huibheacha agus an siúcra a bhualadh go dtí go mbeidh toirt an mheascáin méadaithe faoi dhó agat Ansin, cuir an tseacláid agus an t-im leáite leis na huibheacha agus measc le chéile iad. Úsáid criathar agus tú ag cur an phlúir leis an meascán. Bácáil go ceann 12 nóiméad ag 200ºC.
Téigh suas an siúcra i bpota ar theas measartha. Corraigh é le spúnóg adhmaid go dtí go mbeidh dath deas órga air. Nuair a bheidh an siúcra leáite, bain den dteas é agus caith isteach an t-im, píosa ar phíosa, agus lean ort á mheascadh. Cuir an t-uachtar leis an gcaramal agus corraigh go ceann nóiméad amháin. Bain den dteas aríst é agus cuir an salann leis an gcaramal. Lig dó fuarú go ceann tamaill.
(Beidh an caramal seo oiriúnach le n-ithe go ceann míosa sa chuisneoir ach é a bheith clúdaithe).
An Riaradh
Cuir spúnóg bhreá mhór den gcaramal i lár an phláta. Bris na cnónna coill agus cuir in airde ar an gcaramal iad. Ansin, cuir an fondant in airde ar an gcaramal agus críochnaigh le spúnóg uachtair reoite nó le spúnóg uachtair.
Is cócaire í Aoife Ní Chiobháin sa bhialann Solas sa Daingean agus bíonn sí le cloisteáil ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic.