Aoife sa Chistin: Gratin Soiliriac

Na comhábhair

1kg prataí, scúite agus gearrtha i sliseanna 1/4 cm
1 Soiliriac, scúite agus gearrtha i sliseanna 1/4 cm 
1 oinniún, scúite agus gearrtha tanaí
Gráinnín salainn agus piobair
2 clóbh gairleoige, brúite
75g cáis chéadair nó parmesan
600ml uachtar
Brobh beag peirsil, gearrtha go mín

Teocht an oighinn @ 220ºC

Téigh an t-uachtar, an ghairleog, an salann agus an piobar i bpota go dtí go mbeidh sé ag beiriú. Scaip im timpeall ar mhias bácála. Líon an mias leis na prátaí, an soiliriac agus an t-oinniún. Doirt an meascán uachtar in airde ar sin. Scaip an cháis  in airde ar an mbarr . Clúdaigh le scragall stáin agus bácáil go ceann 50 nóiméad. Bain an scragall stáin agus thar n-ais san oigheann leis go ceann 5 nóiméad eile go dtí go mbeidh dath deas órga air. Maisigh le peirsil. 

Is cócaire í Aoife Ní Chiobháin sa bhialann Solas sa Daingean agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG.

SCÉALTA EILE