Aoife sa Chistin: Humas cairéad agus cnónna coill

Na comhábhair:

3 cairéad, scúite agus gearrtha
100g cnó coill
1 tsp cainéal
1 tsp noitmig 
1 bsp íle olóige
Salann
1 oráiste, an sú amháin
1 stán sicphiseánaigh, an leacht leo
½ tsp púdar sillí

Teocht an oighinn @ 180ºC (gaothán).

Gearr na cairéid agus dein iad a róstáil le spúnóg íle, 1 tsp cainéal, 1 tsp noitmig agus gráinne salainn go ceann 30 nóiméad. Dein na cnónna coill a róstáil ar stán bácála go ceann 20 nóiméad. Lig dóibh fuarú tamall. Dein iad a rolláil ansan i dtuáille chun an craiceann a bhaint des na cnónna. 

Caith na comhábhair go léir isteach i bpróiseálaí bídh nó dein iad a bhriseadh suas le tuairgnín práta. Blaistigh le salann agus púdar sillí agus maisigh le cnónna coill agus sáiste atá friochta in ábhairín íle olóige. Bheadh an hummus seo deas le harán pitta nó glasraí amha.

SCÉALTA EILE